Slándáil

Revenue.ie

Deimhniúchán ISO

Tá deimhniú ISO27001 ag suíomhanna idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.

Fioscaireacht (camscéimeanna ríomhphoist)

Is éard is fioscaireacht ann ná camscéim ina seoltar ríomhphoist bhréagacha chugat chun dallamullóg a chur ort le go nochtfaidh tú faisnéis phearsanta nó airgeadais. Bíonn nasc sa ríomhphost chuig leathanach gréasáin bréagach, áit a n-iarrfar faisnéis phearsanta ort, amhail an méid seo:

  • do UAP
  • do phasfhocal
  • d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)
  • sonraí cuntais bainc.  

Féadtar an fhaisnéis seo a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar chárta creidmheasa nó chun seiceanna a scríobh i d’ainm. 

Féadfaidh sé gur cosúil go dtagann ríomhphoist fioscaireachta ón méid seo: 

  • ó ranna Rialtais, amhail na Coimisinéirí Ioncaim
  • ó bhainc
  • ó chomhlachtaí cártaí creidmheasa
  • ó shiopaí ar líne. 

Féadfaidh sé go bhfuil lógónna réalaíocha iontu agus téacs a bhfuil cuma oifigiúil air. Féadfaidh sé go bhfuil rabhadh iontu, fiú, maidir le fioscaireacht.

Tabhair do' d'aire

Ní sheolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim riamh ríomhphoist a éilíonn ar chustaiméirí faisnéis phearsanta a sheoladh trí ríomhphost ná trí fhuinneoga aníos.

Ligeann do phasfhocal moChúrsaí duit teacht ar do thaifid. Coinnigh do chuid sonraí shínithe isteach agus do phasfhocal slán agus ná tabhair do dhuine ar bith iad.

Camscéim choitianta is ea ríomhphost, ar cosúil gurb iad na Coimisinéirí Ioncaim a sheol é, ina n-éilítear go bhfuil tú incháilithe le haghaidh aisíocaíocht chánach. Tá nasc ann chuig foirm éilimh ar líne ina n-iarrtar do chuid faisnéise pearsanta nó airgeadais, sonraí cuntais bainc san áireamh.

Ní chiallaíonn an cineál ríomhphoist seo gur bailíodh aon fhaisnéis ó chórais na gCoimisinéirí Ioncaim. Féadtar teacht ar sheoltaí ríomhphoist i bhfoinsí atá ar fáil go poiblí nó go ngintear go randamach iad.

Smioscaireacht (calaois SMS) 

Is éard is ‘smioscaireacht’ ann ná camscéim ina seoltar SMS (teachtaireacht téacs) chugat ina bhfuil nasc chuig suíomh idirlín nó uimhir chalaoiseach. Déanann an seoltóir iarracht faisnéis phearsanta a bhailiú.

Cuimhnigh nach seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim riamh teachtaireachtaí téacs gan iarraidh. Má fhaigheann tú teachtaireacht téacs gan iarraidh a mhaítear gurb iad na Coimisinéirí Ioncaim a sheol é, déan neamhaird de.

Leathanaigh gréasáin slán

Déantar criptiú ar gach leathanach ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim ar a n-iarrtar faisnéis phearsanta. 

Féadtar fíorú go bhfuil an leathanach slán trí fhéachaint ar dheilbhín an ghlais i do bhrabhsálaí. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an rannán Treoir bhreise.

M’Fhiosruithe

Bain úsáid as an áis slán ar líne ‘M’Fhiosruithe’ de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh aon chumarsáid ina bhfuil faisnéis phearsanta nó faoi rún. 

Féadtar teacht ar M’Fhiosruithe trí na seirbhísí seo: 

  • Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), má tá tú cláraithe le haghaidh ROS
  • moChúrsaí, má tá tú cláraithe le haghaidh moChúrsaí, nó má tá UAP ÍMAT Aon Trath agat cheana féin.

Ríomhphost caighdeánach (gan slándáil)

Níor chóir duit faisnéis phearsanta nó faoi rún a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim tríd an ríomhphost. Seoltar an ríomhphost trí líonraí poiblí, agus féadtar é a idircheapadh agus a léamh ach amháin má tá sé faoi chosaint ag criptiú. 

Ní fhéadann na Coimisinéirí Ioncaim aon ráthaíocht a thabhairt go bhfuil aon sonraí pearsanta nó íogair sheoltar trí ghnáth-théacs, go hiomlán slán. Meastar go bhfuil glactha le haon riosca bainteach nuair a roghnaíonn duine an cainéal seo a úsáid. 

Chun faisnéis phearsanta nó íogair a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, ba chóir ceann díobh seo a úsáid:

  • moChúrsaí
  • post caighdeánach.

Teagmhálacha pearsanta

Iarrtar ar oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, agus iad ag cleachtadh a gcumhachtaí ar dualgas allamuigh, an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • iad féin a aithint
  • a gcárta aitheantais oifigiúil arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeáint
  • agus
  • cuspóir an chruinnithe a shonrú. 

Ba chóir d’oifigigh cártaí gnó a chur ar fáil ar a léirítear seoladh agus uimhir fóin a n-oifige. Féadtar an fhaisnéis seo a úsáid le deimhniú gurb iad na hoifigigh na daoine atá siad a mhaíomh.

Ar aghaidh: moChúrsaí agus Fíorú Dhá Chéim (2FA)