Slándáil

  1. Léargas ginearálta
  2. Revenue.ie
  3. moChúrsaí agus Fíorú Dhá Chéim (2FA)
  4. Slándáil Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  5. Deimhniú um Rochtain Phoiblí

Slándáil Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Tá a fhios againn gur mian lenár gcustaiméirí a bheith cinnte go bhfuil a gcuid faisnéise slán nuair a dhéanann siad í a rochtain nó a tharchur ar an idirlíon. Tá sé seo mar ábhar is cúram dúinn chomh maith agus tá cuid mhaith ama agus saineolais caite againn le slándáil ROS a chinntiú. Féadann muid a chinntiú do chustaiméirí go bhfuil an rochtain ar ROS, agus rúndacht agus sláine na sonraí a sheolann siad, slán. Tá an fhaisnéis a sheoltar chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí ROS faoi chosaint ag na córais slándála is sofaisticiúla atá ar fáil faoi láthair.

Níl tionchar ag Log4jcve-2021-44228 ar ROS, lena n-áirítear an Áis Ullmhaithe Tuairisceáin.

Ar aghaidh: Deimhniú um Rochtain Phoiblí