Íocaíochtaí le fostaithe

Stiúrthóirí

Baineann an córas Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) le stiúrthóirí dílseánaigh agus le stiúrthóirí neamhdhílseánaigh ar an gcaoi chéanna le gach fostaí eile.

Ní mór d'fhostóirí Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) a iarraidh agus sonraí an FPCI sin a chur i bhfeidhm ar phá an stiúrthóra. Ní mór aon íocaíochtaí a dhéantar le stiúrthóirí a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim ar an dáta pá seo, nó roimhe.

Is daoine inmhuirearaithe iad Stiúrthóirí Dílseánaigh agus dá bhrí sin tá orthu Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) a chomhlánú. Aon ioncam a fhaigheann stiúrthóir dílseánaigh i ndáil leis an stiúrthóireacht sin, ioncam inmheasúnaithe atá ann ar bhonn tuilleamh. Ciallaíonn sé seo go ngearrtar cáin ar an ioncam sa tréimhse ina dtuilltear é.

Aon ioncam a fhaigheann stiúrthóir neamhdhílseánaigh, ioncam inmheasúnaithe atá ann ar bhonn fáltas. Ciallaíonn sé seo go ngearrtar cáin ar an ioncam sa tréimhse ina bhfaightear é.

Stiúrthóirí dílseánaigh 

Tá stiúrthóirí dílseánaigh faoi réir féinmheasúnaithe, is cuma cé acu an bhfuil ioncam acu nó nach bhfuil. Sa chás go gceadaítear tuarastal stiúrthóra, ní mór do d'fhostóir ÍMAT a oibriú ar an dáta a dhéantar an íocaíocht.

Maidir le díolaíochtaí a íoctar breis agus sé mhí tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, meastar go bhfuil siad tar éis a bheith íoctha ar an lá deiridh den tréimhse chuntasaíochta roimhe.

Sa chás go dtarlaíonn sé seo, ní mór don fhostóir:

  • an tíolacadh párolla don mhí dheireanach den tréimhse chuntasaíochta roimhe sin a leasú
  • agus
  • an tuairisceán sin a thíolacadh arís do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Pá saoire agus réamhíocaíochtaí