Íocaíochtaí le fostaithe

Scáth-phárolla

Féadfaidh sé go bhfuil freagrachtaí dúbailte iarchoimeádta párolla in Éirinn agus i ndlínse eachtrach ag roinnt fostóirí. Má tá, is minic a rithfidh siad rud ar a dtugtar ‘scáth-phárolla’ i ndáil le hioncam incháinithe fostaí.

Sa chás nach dtagann dátaí pá i ndlínsí eachtracha le dátaí pá Éireannacha, féadtar an tíolacadh párolla a ailíniú leis an gcéad dáta pá eile de chuid an fhostóra Éireannaigh dá bhfostaithe coibhéise in Éirinn.

Laethanta oibre Éireannacha a ríomh 

Ba chóir duit an meastachán is fearr a chur ar fáil den líon laethanta a oibríonn duine aonair in Éirinn. Má tá níos mó (nó níos lú) laethanta ná mar a measadh i dtosach, ba chóir an pá a leasú sa chéad tíolacadh párolla eile ina dhiaidh sin. 

Iarratais ar fhuascailt ón dualgas ÍMAT a oibriú 

Féadann fostóir iarratas a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim agus fuascailt a dheonú dóibh ón dualgas Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) a oibriú. Má dhiúltaítear an t-iarratas seo ina dhiaidh sin, ba chóir don fhostóir ÍMAT a oibriú ón tráth sin ar aghaidh. Ní ghearrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pionós ar fhostóirí sa chás go ndéantar an t-iarratas bunaidh de mheon macánta. 

Tabhair do d'aire

Ní bheidh an méid thuas i gceist ach amháin sa chás go bhfuil ionchas soiléir ann go ndeonófar an fhuascailt. Féadfaidh sé go bhfuil sé soiléir nach cosúil go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach san alt ar fhostaíocht (Airteagal 15, go hiondúil) sa Chonradh cuí. Sa chás seo, beidh feidhm ag forálacha Chaibidil 4 de Chuid 42 den Acht Comhdhlúite Cánacha. 

Beidh na nósanna imeachta seo a leanas i bhfeidhm:

  • Ba chóir don fhostóir an t-ioncam uile a íocadh leis an bhfostaí ón dáta a thosaítear sannadh a chur san áireamh. Folaíonn sé seo an t-ioncam ón dáta a fheidhmítear ÍMAT. 
  • Feidhmeoidh Fógraí Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) ar bhonn Sheachtain 1.