Íocaíochtaí le fostaithe

Pá saoire agus réamhíocaíochtaí

Is féidir le fostóirí 'pá saoire' a íoc le fostaí roimh a ngnáthlá pá.

Féadfaidh sé a bheith de thoradh ar réamhphá saoire go bhfaighidh an fostaí pá dhá cheann nó trí cinn de sheachtainí in aon seachtain amháin. Sa dá sheachtain nó trí seachtaine ina dhiaidh sin ní bhfaighidh an fostaí aon phá. Féadfaidh an fostóir creidmheasanna cánach, bandaí rátaí agus scoithphointí an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) na seachtaine sin a chur i bhfeidhm ar an bpá saoire. Ní fhéadtar é seo a dhéanamh má tá an fostaí ag fágáil na fostaíochta go díreach tar éis an pá saoire a fháil.

Féadtar an nós imeachta seo a fheidhmiú i leith íocaíochtaí a dhéantar le fostaithe sa chás go ndúntar an gnó síos go séasúrach. 

Ní mór don fhostóir an dáta a dhéantar an íocaíocht leis an bhfostaí a chur san áireamh ar an tíolacadh párolla. 

Ní mór don fhostóir an Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) is déanaí a úsáid nuair a dhéantar an chéad íocaíocht eile le fostaithe. Cuirtear san áireamh ina gcéad phá eile aon athruithe a dhéantar do chreidmheasanna cánach fostaí le linn na tréimhse seo. 

Do bhabhta párolla a rith roimh ré 

Ní mór don fhostóir pá fostaithe a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim ar an dáta pá, nó roimhe sin. B'fhéidir go mbeadh gá d'fhostóir a bpárolla a rith roimh ré, mar shampla, nuair a bhíonn a bhfoireann nó a soláthraí párolla rialta ar saoire.

Sa chás go dtarlaíonn sé seo, ní mór don fhostóir socruithe a dhéanamh lena chinntiú gur féidir leo an pá agus na hasbhaintí a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim ar an dáta pá nó roimhe.

Ar aghaidh: Sochar Comhchineáil (SC)