Do thaifid a choinneáil roimh 01 Eanáir 2019

Deimhnithe Creidmheasanna Cánach (Deimhnithe P2C)

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le do dhualgais roimh 1 Eanáir 2019. Le heolas a fháil ar do riachtanais reatha, féach ar Dualgais fostóra ó 1 Eanáir 2019.

Is éard is P2C ann ná cóip fostóra de Dheimhniú Creidmheasa Cánach d'fhostaí. Taispeántar na rudaí seo a leanas ann:

  • an méid iomlán i leith creidmheasanna cánach, agus scoithphointí cánach agus Muirir Shóisialta Uilíoch (MSU) tugtha don fhostaíocht seo
  • aon phá, cáin agus MSU a asbhaineadh ó 1 Eanáir (seachas má tá an deimhniú ar bhonn sheachtain 1 nó bonn mhí 1)
  • díolúintí cánach agus MSU
  • an tsuim Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ) atá le hasbhaint (más infheidhmithe).

Má cheapann tú go bhfuil sonraí ar bith ar an P2C nach bhfuil ceart, iarrann muid ort muid a chur ar an eolas faoi seo.

Deimhnithe P2C ‘ilbhliantúla’

Féadfaidh sé go mbeidh Deimhniú Creidmheasanna Cánach bailí le haghaidh bliain amháin nó níos mó. Léireofar sa P2C cén ceann de na tréimhsí bailíochta seo atá bainteach:

  • an bhliain reatha (ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig) agus na blianta ina dhiaidh sin
  • aon bhliain aonair ar leith (ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig)
  • aon tréimhse ó dháta ar leith go dtí an 31 Nollaig BBBB agus na blianta ina dhiaidh sin, ar bhonn sheachtain 1 nó mhí 1.

Ba chóir duit an P2C ‘ilbhliantúil’ a úsáid go dtí go bhfaighidh tú P2C leasaithe.

Deimhnithe P2C leasaithe

Gheobhaidh tú P2C leasaithe má tá athrú tagtha ar chreidmheasanna cánach nó scoithphointí cánach agus MSU, nó ar CMÁ d'fhostaí. Ba chóir duit an P2C is déanaí a úsáid i gcónaí.

Más cúis cruatain do d'fhostaí é P2C carnach leasaithe, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh linn chun treoracha a fháil. Mar shampla, gan aon phá a bheith ag d’fhostaí, nó gann-íocaíocht mhór). Áireofar i P2C carnach na sonraí pá, cánach agus MSU a bhain le d'fhostaí roimhe seo.

Ar aghaidh: Cárta Leictreonach Asbhaintí Cánach