Do thaifid a choinneáil roimh 01 Eanáir 2019

Cárta Leictreonach Asbhaintí Cánach

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le do dhualgais roimh 1 Eanáir 2019. Le heolas a fháil ar do riachtanais reatha, féach ar Dualgais fostóra ó 1 Eanáir 2019.

Féadfar leas a bhaint as seo chun cáin agus ranníocaíochtaí Árachais Shóisialaigh Phá-Choibhneasa (ÁSPC) d’fhostaí a thaifeadadh.

Féadtar ‘Ríomh’ a chliceáil ar bharr an Chárta Leictreonaigh Asbhaintí Cánach nuair atá tú ag comhlánú na mboscaí Creidmheas Cánach Iomlán agus Scoithphointe Iomlán. Líonfaidh sé seo na colúin Creidmheas Cánach Carnach agus Scoithphointe Carnach go huathoibríoch.

Tá cártaí párolla don Mhuirear Sóisialach Uilíoch (MSU) ar fáil chun MSU d’fhostaithe a thaifeadadh.

Leis na cártaí párolla MSU agus an Cárta Asbhaintí Cánach, féadfaidh tú:

  • taifead d’fhostaí a chomhlánú ar an scáileán
  • an taifead a shábháil ar do ríomhaire
  • an taifead a phriontáil
  • Cárta Asbhaintí Cánach nó cárta párolla MSU a chomhlánú de láimh.

Féadtar na cártaí seo a aimsiú thíos:

Ar aghaidh: Athrú ar Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) fostaí