Cáin d'fhostaithe a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim

Níl aon cháin dlite le haghaidh míosa

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Maidir le hoibleagáidí fostóra roimh an 1 Eanáir 2019, féach ar an  Employers Guide to PAYE.

Féadfaidh sé nach ndéanann fostóir aon íocaíochtaí le fostaithe le linn míosa. Mura ndéanann an fostóir aon tíolacthaí párolla le linn míosa, cruthóidh na Coimisinéirí Ioncaim ráiteas nialasach don mhí sin faoin 5ú den mhí dár gcionn.

Is féidir leis an bhfostóir glacadh leis an ráiteas nialasach seo ag tráth ar bith, suas go dtí an 14ú den mhí. Measfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gurb é an ráiteas nialasach an tuairisceán reachtúil míosúil sa chás:

  • nach nglacann an fostóir leis an ráiteas
  • nach dtíolacann an fostóir tíolacthaí párolla.

Má thíolacnn an fostóir tíolacthaí párolla don mhí roimhe idir an 5ú agus an 14ú den mhí dár gcionn, cruthúfar ráiteas nua. Má thíolacann tú tíolacthaí párolla don mhí roimhe tar éis an 14ú den mhí, cruthófar tuairisceán reachtúil míosúil leasaithe.

Fostóirí a bhfuil tréimhsí teoranta nó séasúracha acu

D'fhéadfadh sé go bhfuil gnó ag fostóir nach bhfostaíonn daoine ach le haghaidh tréimhse ghairid i gcaitheamh na bliana. Iarrtar ar an bhfostóir gan tíolacthaí párolla a thíolacadh ach amháin nuair a íoctar a bhfhostaithe. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh tuairisceán reachtúil míosúil nialasach a bheith ag an bhfostóir do mhíonna áirithe i rith na bliana.

Ar aghaidh: Fostóirí a bhfuil uimhreacha cláraithe iomadúla acu