Cáin d'fhostaithe a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim

Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a Asbhaint

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Maidir le hoibleagáidí fostóra roimh an 1 Eanáir 2019, féach Employers Guide to PAYE.

Féadtar CMÁ a asbhaint ag an bhfoinse ó phá na bhfostaithe san áit a léirítear é ar Fhógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) an fhostaí. Eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim FPCI chuig an bhfostóir do gach fostaí.

Ciallaíonn sé seo go roinntear na híocaíochtaí CMÁ go cothrom thar an mbliain. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar an asbhaint seo sa rannán ar CMÁ.

Ar aghaidh: Cáin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim