Cáin d'fhostaithe a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim

Cáin a íoc ar mhionsochair agus sochair neamhrialta de chuid fostaí

Más mian le fostóir an cháin atá dlite a íoc ar shochair d'fhostaithe ar mionsochair agus sochair neamhrialta iad araon, ní mór don fhostóir é sin a shocrú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir é seo a dhéanamh trí Chomhaontú Socraíochta ÍMAT (PSA). Chun PSA a shocrú, féadann fostóir iarratas a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim i scríbhinn. Ní mór iarratas PSA an fhostóra a bheith faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim ar an 31 Nollaig sa bhliain chánach ábhartha nó roimhe. Ní bhaineann socruithe PSA le:

Má íocann fostóir cáin d'fhostaí ar mhionsochar nó ar shochar neamhrialta, ní chuirfear é sin san áireamh mar ioncam. Ní fhéadann an fostaí creidmheas a éileamh i leith cáin atá íoctha ag fostóir. Chomh maith leis sin, ní fhéadann an fostaí an Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a d’íoc an fostóir ar an sochar a chur san aireamh ina dtaifid féin.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Lámhleabhar Cánach agus Dleachta PAYE Settlement Agreements.

Ar aghaidh: Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC)