Úsáid phríobháideach d'fheithiclí curtha ar fáil ag an bhfostóir

Léargas ginearálta

Mar fhostóir, is féidir leat carr a sholáthar do d'fhostaí le haghaidh úsáid phríobháideach. Sa chás go dtarlaíonn sé seo, tá sochar comhchineáil (SC) i leith luach na húsáide príobháidí sin faighte ag d'fhostaí. Ní mór duit Cáin IoncaimÁrachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a asbhaint ina leith seo tríd an bpárolla.

Meastar, de ghnáth gur úsáid phríobháideach é taisteal ón obair agus chuig an obair.

Beidh d'fhostaí faoi dhliteanas SC freisin sa chás go bhfuil carr príobháideach á úsáid acu toisc go bhfostaíonn tú iad. D'fhéadfadh sé seo tarlú sa chás, mar shampla, go soláthraíonn páirtí bainteach nó tríú páirtí carr chun críocha urraíochta. Chun tuilleadh sonraí a fháil ar shochair tríú páirtí, féach Tax and Duty Manual Part 05-01-01m.

Baineann an t-eolas sa rannán seo leat, bíodh se gur cuideachta, páirtnéireacht nó trádálaí aonair thú.

Tabhair do d’aire

Chun críocha an choda seo den suíomh idirlín, is tagairt é ‘carr curtha ar fáil ag fostóir ’ do gach carr a sholáthraíonn fostóirí dá bhfostaithe.

Féadfaidh sé gurb éard atá i gceist le ‘carr’ ná aon charr taobh istigh de ghnáthbhrí an fhocail. Ní fholaíonn sé:

  • feithiclí nach n-úsáidtear go coitianta mar fheithicil phríobháideach agus mí-oiriúnach d’úsáid den chineál sin, mar shampla eileatraim agus leoraithe.

Ní bhaineann an rannán seo le hábhar ach amháin nuair nach n-aistríonn úinéireacht an chairr chuig an bhfostaí. Má aistríonn tú an carr chuig d’fhostaí, beidh feidhm leis na gnáthrialacha Sochair Chomhchineáil. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Luacháil sochar.

Má íocann tú liúntas le fostaí hun cur ar a gcumas carr a cheannach, tuarastal incháinithe a bheidh ann. Dá réir sin, ní bheidh feidhm ag an rannán seo. Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi liúntais, féach Liúntais slánsuime.

Níl aon cháin dlite má aisíocann tú costais fostaí i leith a gcarr féin a rith. Ní foláir don fhostaí na costais a thabhú go hiomlán, go heisiach agus go riachtanach, i gcomhlíonadh a ndualgas fostaíochta. 

Thug na Coimisinéirí Ioncaim beart lamháltais maidir le srianta taistil isteach mar gheall ar an bpaindéim COVID-19. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach  Feithiclí curtha ar fáil ag an bhfostóir in athruithe SC le linn srianta COVID-19.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ríomhtar an sochar incháinithe