Úsáid phríobháideach d'fheithiclí curtha ar fáil ag an bhfostóir

Fostaithe le líon íseal ciliméadar gnó

Mura dtaistealaíonn d’fhostaí níos mó ná 24,000 ciliméadar sa bhliain, féadtar an choibhéis airgid ríofa a laghdú tuilleadh faoi 20%. Chun an laghdú seo a fháil, ní mór go mbainfeadh siad seo le d’fhostaí:

  • oibríonn an fostaí 20 uair a chloig sa tseachtain ar an meán ar a laghad
  • taistealaíonn an fostaí 8,000 ciliméadar gnó sa bhliain ar a laghad
  • caitear 70% ar a laghad dá gcuid ama oibre ag obair ar shiúl ón ionad oibre
  • agus
  • logleabhar a choinneáil agus sonraí ann faoi chiliméadair ghnó agus na críocha oibre.

Sampla

In 2026, úsáideann d'fhostaí carr curtha ar fáil ag an bhfostóir le Luach Margaidh Bunaidh €30,000. Is carr Chatagóir B é agus is é 9,000 km an taisteal gnó bliantúil. Níl orthu íoc i dtreo chostas an chairr nó na costais reatha. Caitheann d’fhostaí níos mó ná 70% dá chuid ama oibre ag obair ar siúl ó d’áitreabh.

Ós rud é gur carr de Chatagóir B é an carr, laghdaítear an Luach Margaidh Bunaidh faoi €10,000 chun an pá barúlach a ríomh.

Ríomhtar an pá barúlach mar €4,200 don bhliain (€30,000 - €10,000 x 26.25% x 80%).

Íoctar d’fhostaí go míosúil. Ba chóir pá barúlach €350 (€4,200/12) a chur lena bpá incháinithe. Ní mór duit Cáin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a ríomh ar an tsuim iomlán.

Ar aghaidh: Feithiclí curtha ar fáil ag an bhfostóir nach bhfuil ar fáil don bhliain iomlán