Úsáid phríobháideach veaineanna curtha ar fáil ag an bhfostóir

Léargas ginearálta

Má chuireann tú veain curtha ar fáil ag an bhfostóir ar fáil do d’fhostaí le haghaidh úsáid phríobháideach, Sochar Comhchineáil is ea é seo. Ní mór do d’fhostaí Cháin IomcaimÁrachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a íoc ar an sochar seo.

Ríomhtar é seo ach úsáid a bhaint as coibhéis airgid na veain curtha ar fáil ag an bhfostóir.

Tabhair do d’aire

Chun críocha an rannáin seo den suíomh idirlín, is tagairt do ‘veain curtha ar fáil ag an bhfostóir’ é gach veain a chuireann fostóirí ar fáil dá bhfostaithe.

Is éard is veain ann ná feithicil:

  • a dhéantar go heisiach nó go príomha le haghaidh earraí a iompar
  • a bhfuil limistéar faoi dhíon taobh thiar de shuíochán an tiománaí
  • agus
  • nach bhfuil taobhfhuinneoga ná suíocháin feistithe san áit faoi dhíon.

Mura gcomhlíonann feithicil na critéir uile thuas, féadfaidh sé gur carr chun críocha cánach í an fheithicil. Féach Úsáid phríobháideach feithiclí curtha ar fáil ag an bhfostóir le haghaidh tuilleadh eolais.

Níl feidhm leis an rannán seo ach amháin sa chás nach n-aistríonn úinéireacht na veain chuig an bhfostaí. Má aistríonn tú an veain chuig d’fhostaí, beidh feidhm leis na rialacha ginearálta Sochair Chomhchineáil. Le haghaidh tuilleadh eolais féach an rannán ar luacháil sochar.

Má íocann tú liúntas le fostaí chun ligean dóibh veaineanna a cheannach, tuarastal incháinithe a bheidh ann agus ní bheidh feidhm leis an rannán seo.

Ar aghaidh: Coibhéis airgid veaineanna curtha ar fáil ag an bhfostóir a ríomh