Úsáid phríobháideach veaineanna curtha ar fáil ag an bhfostóir

  1. Léargas ginearálta
  2. Coibhéis airgid veaineanna curtha ar fáil ag an bhfostóir a ríomh
  3. Liúntais i leith veaineanna
  4. Díolúintí ó Shochar Comhchineáil

Coibhéis airgid veaineanna curtha ar fáil ag an bhfostóir a ríomh

Is é an choibhéis airgid veain a chuireann tú ar fáil d’fhostaí ná 8% den Luach ar an Margadh Bunaidh (LMB) atá ar an veain. Suas go dtí mí na Nollag 2022, ríomhadh an choibhéis airgid ag 5% den Luach ar an Margadh Oscailte (LMO) a bhí ar an veain. Má rinneadh bunathrú ar an veain, ba chóir go n-eisiafaí an bunathrú seo ón LMO. Sampla de bhunathrú is ea cás inar suiteáladh aonad cuisniúcháin.

Má íocann d’fhostaí as costas reatha na veain, ba chóir an choibhéis airgid a laghdú faoin tsuim a íocadh.

Nuair a bheidh an choibhéis airgid socraithe agat, ba chóir duit an méid seo a leanas a asbhaint ón tsuim iomlán:

I gcás 2023 agus 2024, féadtar laghdú €10,000 a chur i bhfeidhm ar LMO veaineanna chun an choibhéis airgid a ríomh. 

Féadfaidh sé nach bhfuil úsáid na veain ag d’fhostaí don bhliain iomlán. Féadfaidh sé go bhfuil sé seo amhlaidh:

  • toisc go bhfuair d’fhostaí veain le linn na bliana
  • toisc gur thug d’fhostaí veain suas roimh dheireadh na bliana cánach
  • toisc gur thaisteal an fostaí thar lear gan an veain.

Sa chás seo, féadtar an choibhéis airgid a laghdú ansin chun léiriú a thabhairt ar líon na laethanta a bhí an veain ag d’fhostaí go hiarbhír. Mar shampla, i gcás nach raibh an veain ar fáil ach le haghaidh 13 seachtaine sa bhliain bheadh an ‘coibhéis airgid’ cothrom le haon cheathrú den tsuim a bheadh i gceist le haghaidh bliain iomlán.

Ar aghaidh: Liúntais i leith veaineanna