Úsáid phríobháideach veaineanna curtha ar fáil ag an bhfostóir

Díolúintí ó Shochar Comhchineáil

Díolúine ó úsáid phríobháideach theoranta

Ní íocfaidh d'fhostaí cáin ar shochar veain a sholáthraíonn fostóir sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

  • Cuireann tú an veain ar fáil do d'fhostaí chun críocha oibre agus caithfidh siad é a thabhairt abhaile tar éis na hoibre.
  • Ní úsáideann d'fhostaí an veain ach amháin chun taisteal chuig an obair agus ón obair, ní le haghaidh úsáide príobháideacha.
  • Caitheann d'fhostaí 80% ar a laghad dá gcuid ama ag obair ar shiúl ó d'áitreabh oibre.

Linnte veain

Má úsáideann d’fhostaí veain a chuireann tú ar fáil ó linn veain, níl orthu aon cháin a íoc ar an sochar sin. Is éard is linn veain ann ná nuair atá veain curtha ar fáil ag an bhfostóir ar fáil agus é in úsáid ag níos mó ná aon fhostaí amháin. Tá na critéir seo a leanas ag baint le linn veain:

  • Cuirtear veain ar fáil agus á úsáid ag níos mó ná aon fhostaí amháin.
  • Ní mór nach n-úsáidtear an veain ag fostaí amháin, rud a choisceann daoine eile í a úsáid.
  • Ní mór gur go fánach a bhaintear úsáid phríobháideach as an veain.
  • De ghnáth ní choinnítear an veain thar oíche ag nó in aice aon cheann d’áiteanna cónaithe na bhfostaithe.

Veaineanna leictreacha

Tá díolúintí áirithe ó Shochar Chomhchineáil ar fáil sa chás gur veain leictreach an veain a chuirtear ar fáil do d’fhostaí. Veaineannaí a fhaigheann a gcumhacht ghluaiste ó leictreachas amháin atá i gceist le veaineannaí leictreacha. Ní cháilíonn veaineanna hibrideacha mar veaineanna leictreacha. Tá an cánachas seo i gceist le veaineanna atá nua nó úsáidte araon.

Díolúine

Bhí díolúine ar fáil ó 2019 go 2022 nuair a chuir tú veain leictreach ar fáil do d'fhostaí lena úsáid go príobháideach. Le tuilleadh eolais a fháil, féach Alt 6 de Tax and Duty Manual Part 05-01-01b.

2023 go dtí 2027 síneadh leis an díolúine

Féadfaidh tú rogha a dhéanamh veain leictreach a chur ar fáil do d’fhostaí d’úsáid phríobháideach. Beidh feidhm ag páirtfhaoiseamh maidir le veaineanna a cuireadh ar fáil idir 1 Eanáir 2023 agus 31 Nollaig 2027.

Cuirtear an faoiseamh i bhfeidhm trí Luach Margadh Bunaidh (LMB) an veain a laghdú. Is mar seo a leanas an laghdú atá i bhfeidhm:

  • €35,000 i leith veaineanna a cuireadh ar fáil le linn 2023, 2024 agus 2025.
  • €20,000 i leith veaineanna a cuireadh ar fáil le linn 2026.
  • €10,000 i leith veaineanna a cuireadh ar fáil le linn 2027.

In 2023, 2024 agus 2025, beidh feidhm ag an laghdú breise €10,000 ar veaineanna leictreacha freisin.

Sampla

Cuireann tú veain leictreach ar fáil do d'fhostaí le haghaidh úsáid ghnó agus phríobháideach an 1 Eanáir 2025. Is é €55,000 LMB an veain. Níor íoc d’fhostaí aon rud i leith chostais reatha na veain.

Luach an tsochair do 2025 a ríomh

 

Ríomhanna

Iomlán

LMB an veain

 

€55,000

Lúide díolúine d'fheithiclí leictreacha do 2025

 

€35,000

Lúide asbhaint atá i bhfeidhm do 2025

 

€10,000

LMB laghdaithe chun críocha Sochar Comhchineáil

 

€10,000

Luach incháinithe an tsochair do 2025

€10,000 @ 8%

€800

Sa gcás ina laghdaítear an LMB go nialas leis an bhfaoiseamh, ní bheidh muirear Sochar Comhchineáil i gceist. Dlitear Sochar Comhchineáil ar aon LMB sa bhreis ar an laghdú sa gnáthbhealach. Le tuilleadh eolais a fháil, féach Tax and Duty Manual Part 05-01-01b.

Díolúine mheáchain

Féadfaidh sé nach gá d’fhostaí Sochar Comhchineáil a íoc ar veain má sháraíonn sé meáchan áirithe. Ní mór meáchan comhlán na veain (meáchan comhlán luchtaithe) a bheith 3,500kg nó níos mó chun cáiliú don díolúine seo.

Díolúintí a bhaineann le luchtú feithiclí leictreacha

Féadfaidh feidhm a bheith ag díolúine ó Shochar Comhchineáil maidir le pointe luchtaithe leictreach a úsáid.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Díolúintí.