Úsáid phríobháideach d'fheithiclí curtha ar fáil ag an bhfostóir
Díolúintí agus laghduithe
Carrlinnte
Má úsáideann d’fhostaí feithicil curtha ar fáil ag an bhfostóir atá mar chuid de charrlinn, níl orthu an méid seo a leanas a íoc ar an sochar sin:
Tá carrlinn i gceist sna cásanna seo:
- nuair a chuirtear carr ar fáil, agus bíonn sé in úsáid, ag níos mó ná fostaí amháin
- ní úsáideann fostaí amháin an carr go heisiach de ghnáth, rud a chuireann cosc ar dhaoine eile é a úsáid
- tá úsáid phríobháideach an chairr ag an bhfostaí teagmhasach
- agus
- ní choinnítear an carr thar oíche de ghnáth ag áit chónaithe d’fhostaí, ná gar dó.
Féadfaidh sé go bhfuil ar fhostaithe Stáit carr de chuid an Stáit a thiomáint mar chuid dá jab. Féadann siad an carr sin a choinneáil thar oíche ag a n-áit chónaithe nó gar dó, más rud é:
- tá siad ar glao-dhualgas lasmuigh dá ngnáthuaireanta oibre chun freagairt do chásanna ina bhféadfadh sárú ar an dlí a bheith i gceist
- agus
- gur ‘carr linne’ a bheadh sa charr murach sin.
Mura bhfuil tú cinnte má tá carr mar chuid de charrlinn cháilitheach, déan teagmhail le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Feithiclí leictreacha
Tá díolúintí agus laghduithe áirithe ó Shochar Chomhchineáil (SC) ar fáil sa chás gur carr leictreach an carr a chuirtear ar fáil do d’fhostaí. Carranna a fhaigheann a gcumhacht ghluaiste ó leictreachas amháin atá i gceist le carranna leictreacha. Ní cháilíonn carranna hibrideacha mar charranna leictreacha. Déileáiltear mar seo le carranna atá nua nó úsáidte araon.
Díolúine agus laghdú
Bhí díolúine ar fáil ó 2019 go 2022 sa chás gur chuir tú carr leictreach ar fáil do d'fhostaí le haghaidh úsáid phríobháideach. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach rannán 6.2 den Tax and Duty Manual Part 05-01-01b. Chun sonraí a fháil faoi dhíolúintí a bhaineann le veaineanna leictreacha, féach Úsáid phríobháideach veaineanna curtha ar fáil ag an bhfostóir.
2023 go 2027 síneadh an díolúine agus laghdú
Féadtar carr leictreach a chur ar fáil do d’fhostaí d’úsáid phríobháideach. Beidh feidhm ag páirtfhaoiseamh maidir le carranna leictreacha a chuirtear ar fáil idir 1 Eanáir 2023 agus 31 Nollaig 2027.
Baineann an faoiseamh seo le Luach Margaidh Bunaidh an chairr a laghdú. Is iad seo a leanas na laghduithe lena bhfuil feidhm:
- €35,000 i leith carranna a cuireadh ar fáil le linn 2023, 2024 agus 2025.
- €20,000 i leith veaineanna a cuireadh ar fáil le linn 2026.
- €10,000 i leith veaineanna a cuireadh ar fáil le linn 2027.
Sa gcás ina laghdáitear an Luach Margaidh Bunaidh go nialas leis an bhfaoiseamh, ní bheidh muirear Sochar Comhchineáil i gceist. Tá aon Luach Margaidh Bunaidh sa bhreis ar an laghdú faoi dhliteanas SC ar an ngnáthbhealach.
Do 2023 go 2026, féadtar laghdú breise €10,000 a chur i bhfeidhm ar an Luach Margaidh Bunaidh.
Do 2027, féadtar laghdú breise €5,000 a chur i bhfeidhm ar an Luach Margaidh Bunaidh.
Do 2028, féadtar laghdú breise €2,500 a chur i bhfeidhm ar an Luach Margaidh Bunaidh.
Díolúintí a bhaineann le feithiclí leictreacha a luchtú
Tá díolúine ó SC i bhfeidhm sa chás go gcuireann tú pointe luchtaithe ar fáil d'fheithiclí leictreacha (lena n-áirítear feithiclí hibrideacha) ar d'áitreabh gnó. Níl feidhm leis an díolúine ach amháin sa chás go bhfuil an áis ar fáil do gach fostaí agus stiúrthóir.
Ón 1 Eanáir 2025, tá feidhm ag díolúine bhreise i ndáil le pointí luchtaithe leictreacha. Faoi réir coinníollacha áirithe, ní bheidh aon mhuirear SC i bhfeidhm sa chás go dtabhaíonn tú costas ag cur pointe luchtaithe d'feithiclí leictreacha ar fáil ag príomháit chónaithe phríobháideach d'fhostaí nó do stiúrthóra. Chun leas a bhaint as an díolúine seo:
- ní mór duit úinéireacht a choinneáil ar an áis luchtaithe leictreach
- ní mór don fhostaí nó don stiúrthóir úsáid phríobháideach an fheithicil leictreach a bheith acu
- agus
- ní mór an pointe luchtaithe a shuiteáil ag áit chónaithe phríobháideach atá lonnaithe sa Stát. Ní mór gurb í an áit chónaithe an t-aon áit chónaithe, nó an príomháit chónaithe, atá ag bhfostaí nó an stiúrthóir don bhliain mheasúnaithe.
Níl feidhm ag an díolúine do phointe luchtaithe ag áitribh chónaithe sa chás go bhfuil úsáid phríobháideach feithicil leictreach hibrideach ag d'fhostaí nó do stiúrthóir.
D'fhéadfadh feidhm a bheith ag an díolúine sa chás gur feithicil í an fheithicil leictreach curtha ar fáil ag an bhfostóir nach n-eascraíonn muirear SC i leith Cánach Ioncaim mar gheall ar dhíolúine nó faoiseamh atá ar fáil.
Féadtar sonraí iomlána faoi na coinníollacha a bhaineann leis an díolúine seo a fháil sa Tax and Duty Manual Part 05-01-01b.
Ar aghaidh: Saincheisteanna eile maidir le sochar chomhchineáil (SC)