Úsáid phríobháideach d'fheithiclí curtha ar fáil ag an bhfostóir
Cén chaoi a ríomhtar an sochar incháinithe
Is gá duit ‘coibhéis airgid’ an úsáid phríobháideach a bhaineann d'fhostaí as carr atá curtha ar fáil ag an bhfostóir a ríomh. Is é seo an méid a chuirfidh tú le pá d’fhostaí.
Féadtar an choibhéis airgid a laghdú le haon ranníocaíocht a dhéanann d'fhostaí leat i dtreo chostais reatha an chairr.
Céatadán de Luach Margaidh Bunaidh an chairr ab ea an choibhéis airgid i gcás na mblianta suas go 2022. Bhí an céatadán bunaithe ar an méid míleáiste chun críocha gnó.
Ón 1 Eanáir 2023, tá feidhm ag córas sochair chomhchineáil bunaithe ar astaíochtaí CO2 (SC) do charranna a sholáthraíonn fostóirí. Déantar an méid atá incháinithe mar SC a chinneadh de réir na nithe seo a leanas:
- Luach Margaidh Bunaidh an chairr
- na ciliméadair ghnó a thiomáintear sa bhliain
- agus
- na bandaí bunaithe ar astaíochtaí CO2.
Ón 1 Eanáir 2023, laghdaítear an teorainn íochtarach sa bhanda míleáiste is airde faoi 4,000 km, síos go 48,001 km. Le héifeacht ón 1 Eanáir 2026, rinneadh an laghdú sin buan.
Ón 1 Eanáir 2026, tugtar isteach catagóir feithicle breise A1 do charranna saor ó astaíochtaí CO2. Le haghaidh sonraí ar na rátaí SC go léir, féach Tábla A thíos.
Le haghaidh 2023, 2024, 2025 agus 2026, féadtar laghdú €10,000 a chur i bhfeidhm ar Luach Margaidh Bunaidh do charranna i gcatagóirí A1, A, B, C agus D. Ní bhaineann an laghdú le carranna i gCatagóir E.
Leanfaidh an laghdú seo ar Luach Margaidh Bunaidh na feithicle de bheith i bhfeidhm ar bhonn barrchaolaithe do na blianta measúnaithe seo a leanas:
- 2027 – laghdú €5,000.
- 2028 - laghdú €2,500.
Is rud sa bhreis é an laghdú ar an Luach Margaidh Bunaidh ar an bhfaoiseamh d'fheithiclí leictreacha. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an leathanach dar teideal 'Díolúintí agus Laghduithe' sa rannán seo.
An Luach Margaidh Bunaidh a Ríomh
Is é an Luach Margaidh Bunaidh costas an chairr, in Éirinn, agus na cánacha agus dleachtanna Éireannach san áireamh, sular cláraíodh é den chéad uair. De ghnáth,is é seo liostphraghas na feithicle ag tráth an chéad chlárúcháin lena n-áirítear:
Tá an Luach Margaidh Bunaidh le húsáid, fiú má cheannaigh tú an carr mar charr athláimhe.
Sampla 1
Cheannaigh tú, nó thóg tú carr athláimhe ar léas a raibh luach bunaidh €25,000 air. Bhí CCF agus CBL san áireamh sa luach €25,000.
Tá costas an Luach Margaidh Bunaidh chun an sochar incháinithe a ríomh cothrom le €25,000.
Luach Margaidh Bunaidh na gcarranna iompórtáilte
Má d’iompórtáil tú an carr, ba chóir neamhaird a thabhairt ar aon chánacha agus dleachtanna eachtracha infheidhme.
Sampla 2
D’iompórtáil tú carr ó áit thar lear ar 1 Samhain a cláraíodh den chéad uair i dtír eachtrach ar 1 Iúil. Bhí luach €27,000 ar an gcarr sa tír eachtrach ar 1 Iúil (gach cáin agus dleacht eachtrach san áireamh ann).
Ar 1 Iúil, bhí luach €25,000 in Éirinn ar an gcarr (gach cáin agus dleacht Éireannach san áireamh). Bhí luach €20,000 ar an gcarr in Éirinn ar 1 Samhain (gach cáin agus dleacht Éireannach san áireamh ann).
Is é €25,000 an Luach Margaidh Bunaidh.
An tionchar ag lascaine cheannaigh ar an Luach Margaidh Bunaidh
Má fuair tú lascaine nuair a cheannaigh tú an fheithicil, féadtar an Luach Margaidh Bunaidh a laghdú chun go dtiocfadh sé leis an lascaine a fuarthas. An uas-lascaine ná an tsuim a gheobhadh gnáthchustaiméir nuair a bheadh carr amháin á cheannach ó chomhlacht díoltóireachta. Is gnách nach sáraíonn an tsuim seo 10%.
Féadfaidh sé go bhfuil lascaine níos airde ar fáil duit nuair a fhéadann tú a chruthú go mbeadh siad ar fáil do ghnáthchustaiméir miondíola. I gcásanna amhrais, féadtar an leibhéal lascaine infheidhme a aontú le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim roimh ré.
Sampla 3
Cheannaigh tú flít feithiclí ar chostas €25,000 an ceann (CCF agus CBL san áireamh). Tugtar lascaine 15% duit.
Is gnách nach sáraíonn lascainí ar dhíolacháin singile miondíola ar na feithiclí seo 10%.
Ríomhtar an Luach Margaidh Bunaidh mar €25,000 @ 90% = €22,500.
Cén chaoi a ríomhtar an choibhéis airgid
Maidir le 2023, 2024, 2025 agus 2026, chun an choibhéis airgid d'úsáid charr a sholáthraíonn fostóir i gcatagóirí A1, A, B, C agus D a ríomh, ní mór:
- €10,000 a asbhaint ón Luach Margaidh Bunaidh
- agus
- méadú faoin gcéatadán is infheidhme maidir le catagóir feithicle.
Do bhlianta suas go 2022, féach ar an Tax and Duty Manual Part 0501-0.
Chun an céatadán infheidhme a chinneadh is gá:
- catagóir d'fheithicil a bhunú bunaithe ar an méid CO2 g/km a tháirgeann an fheithicil ó Thábla B thíos
- agus
- déan comparáid idir an míleáiste gnó a taistealaíodh don bhliain chun an céatadán infheidhme ó Thábla A thíos a chinneadh.
|
Tábla B
|
|
Catagóir feithicle
|
Astaíochtaí CO2 (CO2 g/km)
|
|
A1
|
0g/km
|
|
A
|
Os cionn 0g/km agus suas le 59g/km agus an méid sin san áireamh
|
|
B
|
Os cionn 59g/km agus suas le 99g/km agus an méid sin san áireamh
|
|
C
|
Os cionn 99g/km agus suas le 139g/km agus an méid sin san áireamh
|
|
L
|
Os cionn 139g/km agus suas le 179g/km agus an méid sin san áireamh
|
|
E
|
Suas le 179g/km
|
|
Tábla A
|
|
Míleáiste Gnó
|
Catagóirí feithicle
|
|
íosteorainn (ciliméadair)
|
uasteorainn (ciliméadair)
|
Catagóir feithicle A1
|
Catagóir feithicle A
|
Catagóir feithicle B
|
Catagóir feithicle C
|
Catagóir feithicle D
|
Catagóir feithicle E
|
|
0
|
26,000
|
15%
|
22.5%
|
26.25%
|
30%
|
33.75%
|
37.5%
|
|
26,001
|
39,000
|
12%
|
18%
|
21%
|
24%
|
27%
|
30%
|
|
39,001
|
48,000
|
9%
|
13.5%
|
15.75%
|
18%
|
20.25%
|
22.5%
|
|
48,001*
|
Agus níos mó ná
|
6%
|
9%
|
10.5%
|
12%
|
13.5%
|
15%
|
*Baineann sé le 2023 agus blianta measúnaithe ina dhiaidh sin amháin. Roimh 2023, ba é 52,001km an teorainn íochtarach sa bhanda míleáiste is airde.
Ba chóir pá barúlach a athbhreithniú go rialta, go ráithiúil ar a laghad, lena chinntiú go bhfuil na híocaíochtaí a thuairiscítear do na Coimisinéirí Ioncaim chomh cruinn agus is féidir.
Féadtar an choibhéis airgid a laghdú le haon ranníocaíocht a dhéanann d'fhostaí leat i dtreo chostais reatha an chairr.
Sampla 4
Tá úsáid cairr curtha ar fáil ag an bhfostóir d’fhostaí a bhfuil €30,000 mar Luach Margaidh Bunaidh air. Is iad na hastaíochtaí C02 ná 105g/km agus is é 22,000 ciliméadar an taisteal gnó bliantúil.
In 2025, ní iarrtar ar an bhfostaí íoc i leith chostas an chairr, ná i leith chaiteachas oibriúcháin an chairr. Léiríonn Tábla B gur carr de Chatagóir C é seo. Tugann Tábla A dá aire gurb é 30% an céatadán infheidhme.
Cinntear gurb é an choibhéis airgid (pá barúlach) ná €20,000 (€30,000 - €10,000) @ 30% = €6,000. Ba chóir an pá barúlach €6,000 (€115.38 sa tseachtain nó €500 sa mhí) a chur lena bpá nó tuarastal incháinithe. Ní mór duit Cáin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a ríomh ar an tsuim iomlán.
Sampla 5
In 2026, tá úsáid cairr curtha ar fáil ag an bhfostóir ag d’fhostaí a bhfuil €50,000 mar Luach Margaidh Bunaidh air. Is iad na hastaíochtaí C02 ná 195g/km agus is é 24,000 ciliméadar an taisteal gnó bliantúil.
Ní iarrtar ar an bhfostaí íoc i leith chostas an chairr, ná i leith chaiteachas oibriúcháin an chairr. Léiríonn Tábla B gur feithicil de chatagóir E é seo. Tugann Tábla A dá aire gurb é 37.5% an céatadán infheidhme.
Is é €50,000 an Luach Margaidh Bunaidh. Cinntear gurb é an choibhéis airgid (pá barúlach) ná €50,000 x 37.5% = €18,750. Níl aon laghdú €10,000 ar an Luach Margaidh Bunaidh do charr ó Chatagóir E.
Ba chóir pá barúlach €18,750 (€1,562.50 sa mhí) a chur lena bpá nó tuarastal incháinithe. Ba chóir duit Cáin Ioncaim, ÁSPC agus MSU a ríomh ar an tsuim iomlán.
Féadfaidh sé nach bhfuil doiciméid ag d’fhostaí a chruthaíonn líon na gciliméadar a tiomáineadh ar bhonn gnó nó príobháideach i mbliain áirithe. Sa chás seo, féadfaidh sé go nglacann tú le 8,000km mar chiliméadair phríobháideacha.
Ranníocaíochtaí an fhostaí i dtreo an chostais
Féadann d’fhostaí íoc i dtreo chostais reatha an chairr. Féadtar an tsuim a íocann siad a asbhaint ón gcoibhéis airgid. Ní fhéadtar an laghdú a fheidhmiú ach amháin más go díreach leatsa a íocann d’fhostaí an méid.
Sampla 6
In 2026, úsáideann d'fhostaí carr leictreach a sholáthraíonn fostóir le Luach Margaidh Bunaidh de €55,000 agus tá an taisteal gnó bliantúil cothrom le 23,000 ciliméadar.
Is iad na hastaíochtaí CO2 ná 0g / km. Is feithicil de Chatagóir A1 í an fheithicil agus mar sin is é 15% an céatadán infheidhme.
Iarrtar ar d’fhostaí €50 sa mhí a íoc go díreach leatsa i leith peitril don charr a cuireadh ar fáil dóibh. Laghdófaí an choibhéis airgid don bhliain faoi €600 (€50 x 12). Beidh carr de Chatagóir A1 i dteideal an laghdú ar Luach Margaidh Bunaidh de €10,000 do 2026. Ós rud é gur carr leictreach é seo, beidh laghdú breise ar an Luach Margaidh Bunaidh de €20,000 i bhfeidhm do 2026.
|
Pá barúlach a ríomh
|
|
|
Ríomh
|
Luach
|
|
Luach Margaidh Bunaidh (laghdaithe) agus céatadán is infheidhme (€55,000 - €30,000)
|
€25,000 @ 15%
|
€3,750
|
|
Asbhaintear an ranníocaíocht bhliantúil
|
|
€600
|
|
Pá barúlach
|
|
€3,150
|
Is rud sa bhreis é an laghdú ar an Luach Margaidh Bunaidh ar an bhfaoiseamh d'fheithiclí leictreacha. Chun tuilleadh eolais a fháil,féach ar an leathanach 'Díolúintí agus laghduithe' sa rannán seo.
Ranníocaíocht an fhostaí i dtreo an carr a cheannach
Féadann d’fhostaí ranníocaíocht cnapshuime a dhéanamh i leith carr curtha ar fáil ag an bhfostóir a cheannach. Laghdaíonn an tsuim a ranníocadh an choibhéis airgid sa chéad bhliain.
Sampla 7
In 2026, tá tú toilteanach carr curtha ar fáil ag an bhfostóir a chur ar fáil do d’fhostaí atá ar luach suas le €25,000. Tá carr áirithe i gceist acu a bhfuil costas €29,000 air. Aontaíonn siad an difríocht €4,000 a íoc leat. Is feithicil de Chatagóir C é an carr bunaithe ar astaíochtaí C02 de 120g/km.
Taistealaíonn d’fhostaí 19,000 ciliméadar gnó sa bhliain. Íocann siad €1,000 sa bhliain go díreach leatsa as ucht úsáid phríobháideach an chairr.
|
Ríomh an phá bharúlaigh – Bliain 1
|
|
|
Ríomh
|
Luach
|
|
Luach Margaidh Bunaidh (laghdaithe) agus céatadán is infheidhme (€29,000 - €10,000)
|
€19,000 @ 30%
|
€5,700
|
|
Asbhaintear an íocaíocht chnapshuime
|
|
€4,000
|
|
Asbhaintear an ranníocaíocht bhliantúil
|
|
€1,000
|
|
Pá barúlach
|
|
€700
|
|
Ríomh an phá bharúlaigh – Bliain 2 (2027) agus blianta ina dhiaidh
|
|
|
Ríomh
|
Luach
|
|
Luach Margaidh Bunaidh (laghdaithe) agus céatadán is infheidhme (€29,000 - €5,000)
|
€24,000 @ 30%
|
€7,200
|
|
Asbhaintear an ranníocaíocht bhliantúil
|
|
€1,000
|
|
Pá barúlach
|
|
€6,200
|
Ar aghaidh: Fostaithe le líon íseal ciliméadar gnó