Úsáid phríobháideach d'fheithiclí curtha ar fáil ag an bhfostóir

Saincheisteanna eile maidir le sochar chomhchineáil (SC)

Carranna tiomáinte ag chauffeur

Féadfaidh sé go bhfuil dhá mhuirear Sochair Chomhchineáil ann le haghaidh carranna tiomáinte ag chauffeur. Gearrtar muirear i leith:

  • soláthar an chairr
  • agus
  • costais a thabhaítear nuair a chuirtear chauffeur ar fáil.

Úsáid d'fheithiclí a sholáthraíonn fostóir sa mhótarthionscal

Má athraíonn d’fhostaí a gcarr go míosúil, feidhmítear coibhéisí speisialta airgid. Feidhmítear na rialacha d’fhostaithe mótarthionscail más rud é:

  • miondíoltóir mótar nach ndíolann ach carranna úsáidte
  • miondíoltóir faoi shaincheadúnas a dhíolann carranna nua agus carranna úsáidte araon
  • soláthraí fruilithe carranna ghearrthéarma
  • soláthraí léasaithe mótar agus carranna.

Mura n-úsáideann d’fhostaí carr amháin ar feadh tréimse mí amháin nó níos mó, níl na coibhéisí speisialta airgid seo ar fáil.

Leanfaidh an luach margaidh bunaidh atá i bhfeidhm faoi láthair d’fhostaithe an mhótarthionscail de bheith i bhfeidhm. Ó 2023 ar aghaidh, beidh feidhm ag na rátaí SC d'fheithiclí Chatagóir C maidir leis na meánbhandaí Luach Margaidh Bunaidh reatha.

Féadfaidh d'fhostaí a roghnú go ndéanfaí an SC a ríomh ar Luach Margaidh Bunaidh iarbhír na bhfeithiclí atá ar fáil dóibh i rith na bliana. Más amhlaidh, beidh ort na ríomhanna riachtanacha a dhéanamh. Ní mór duit fianaise ábhartha a choinneáil maidir leis na feithiclí a chuirtear ar fáil do d'fhostaithe i rith na bliana. Ní mór an bonn a úsáidtear a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar feadh na bliana ar fad. Ní bheadh sé iomchuí meascán den bhonn simplithe iarbhír agus den bhonn malartach simplithe a chur i bhfeidhm.