Fostaithe sa tionscal carranna agus sa mhótarthionscal

Féadfaidh fostóirí sa tionscal carranna agus sa mhótarthionscal na figiúirí thíos a úsáid mar Bhunluach Margaidh. Úsáidtear na figiúirí laghdaithe seo chun Cáin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) a ríomh. Tugtar míniú ar an gcaoi chun an cháin ar an sochar seo a ríomh in Úsáid phríobháideach feithiclí curtha ar fáil ag an bhfostóir.

Miondíoltóirí mótair a dhíolann carranna athláimhe amháin agus soláthróirí carranna ar cíos gearrthéarmach

Carranna athláimhe amháin agus fruilliú gearrthéarmach carranna
Bunluach MargaidhBunluach Margaidh le haghaidh ríomhanna
Suas le €30,000 €15,000
€30,001 - €35,000 €18,000
€35,001 - €40,000 €21,000
€40,001 - €45,000 €24,000
€45,001 - €50,000 €27,000
€50,001 - €55,000 €30,000
€55,001 - €60,000 €33,000

Miondíoltóirí mótair a dhíolann carranna nua agus carranna athláimhe

Carranna nua agus carranna athláimhe
Bunluach MargaidhBunluach Margaidh le haghaidh ríomhanna
Suas le €30,000 €18,000
€30,001 - €35,000 €21,000
€35,001 - €40,000 €24,000
€40,001 - €45,000 €27,000
€45,001 - €50,000 €30,000
€50,001 - €55,000 €33,000
€55,001 - €60,000 €36,000

Dáileoirí agus léasú mótair

Dáileoirí agus léasú
Bunluach MargaidhBunluach Margaidh le haghaidh ríomhanna
Suas le €30,000 €22,000
€30,001 - €35,000 €25,000
€35,001 - €40,000 €30,000
€40,001 - €45,000 €34,000
€45,001 - €50,000 €38,000
€50,001 - €55,000 €42,000
€55,001 - €60,000 €44,000

Conas an figiúir laghdaithe a ríomh má tá an Bunluach Margaidh os cionn €60,000

Cuir 75% den difríocht idir an Bunluach Margaidh agus €60,000 leis an bhfigiúir sa chatagóir €55,001 - €60,000. Is é seo an luach a úsáidtear chun an cháin atá dlite ar an sochar a ríomh.

Má thiománann d'fhostaí carranna éagsúla

Ba chóir an carr leis an Bunluach Margaidh is airde a úsáid nuair atá an Bunluach Margaidh á dhearbhú agat chun cáin a ríomh.

Má úsáidtear carr corruair atá i réim níos airde nó níos ísle, ní bheidh tionchar aige seo ar an Bunluach Margaidh a ríomhtar chun cáin a ríomh.

An Bunluach Margaidh iarbhír a úsáid

Tá sé de cheart ag d’fhostaí a sochar incháinithe féin a ríomh ag baint úsáide as an Bunluach Margaidh iarbhír atá ag an gcarr/na carranna a úsáideann siad. Má dhéanann d'fhostaí an ceart seo a fheidhmiú, ní mór ríomh na cánach a athrú chun go n-úsáidfí an Bunluach Margaidh iarbhír.

Céard a tharlaíonn mura gcloíonn tú leis seo?

Féadfaidh sé gur toradh ar iniúchadh ó na Coimisinéirí Ioncaim é nár ghearr tú cáin ar úsáid phríobháideacha fostaithe de charranna. Más amhlaidh atá, ní bheidh feidhm ag na socruithe speisialta atá ann d'fhostaithe sa mhótarthionscal agus úsáidfear an Bunluach Margaidh iomlán.