Bhí úsáid do charr curtha ar fáil ag an bhfostóir ag d’fhostaí le haghaidh 153 lá in 2025. Is é €28,000 Luach Margaidh Bunaidh an chairr agus is carr de Chatagóir C é.
Thaisteal an fostaí 12,000 ciliméadar gnó in 2025. D’íoc an fostaí €750 leat an bhliain sin i dtreo chostais reatha an chairr.
Oibrítear ciliméadair ghnó don bhliain amach mar 12,000 ciliméadar × 365÷153 = 28,627 ciliméadar.
Is ionann an choibhéis airgid agus an Luach Margaidh Bunaidh lúide €10,000 × 24% (ciliméadar tiomáinte idir 26,001 agus 39,000). Laghdaítear é seo ansin le go dtiocfadh sé le líon na laethanta a bhí an carr in úsáid go hiarbhír.
|
Ríomh an tsochair incháinithe
|
|
|
Ríomh
|
Luach
|
|
Luach Margaidh Bunaidh (laghdaithe) agus céatadán is infheidhme (€28,000 - €10,000)
|
€18,000 × 24% × 153 ÷ 365
|
€1,810
|
|
An tsuim a íocadh leat i leith costais reatha
|
|
€750
|
|
Sochair incháinithe
|
|
€1,060
|