Céard is Sochar Comhchineáil (SC) ann?

Is éard atá i sochar comhchineáil (SC) ná aon sochar neamhairgid a bhfuil luach airgeadúil leis a thugann tú d’fhostaí.

Tugtar pá barúlach, sochair imeallacha, solamar, peorcais nó buntáistí ar a leithéid de shochair in amanna chomh maith.

Tá luach airgeadúil leis na sochair, agus dá bhrí sin ní mór déileáil leo mar ioncam inchánach.

Ní mór duit Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT), Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) a asbhaint ó phá d’fhostaí ar luach an tsochair.

Coinníollacha i leith cáin a ghearradh ar SC

Más mó ioncam iomlán d’fhostaí, sochair san áireamh, ná €1,905 sa bhliain, ní mór dóibh cáin a íoc ar a gcuid sochar. Ní chuirtear ioncam ó jab roimhe san áireamh in aghaidh na teorann €1,905.

Fhéadfaidh sé gur oibrigh d’fhostaí do roinnt gnóthas atá faoi scáth máthairchuideachta amháin. Más amhlaidh an cás, cuirtear a ioncam iomlán ó na jabanna sin san áireamh in aghaidh na teorann €1,905.

Má thugann tú sochar do céile nó do pháirtí sibhialta, do bhaill teaghlaigh, do chleithiúnaithe nó d’aoi an fhostaí, ní mór dóibh cáin a íoc air.

Ní mór do stiúrthóir cuideachta cáin a íoc ar gach SC, beag beann ar a n-ioncam iomlán.

Mionsochair

Ón 1 Eanáir 2022, féadfaidh tú suas le dhá shochar bheaga a thabhairt d'fhostaithe, saor ó cháin, gach bliain. Cáileoidh sé seo mar Díolúine i leith Sochar Beag.