Athruithe don Sochar Comhchineáil le linn srianta COVID-19

Feithiclí curtha ar fáil ag fostóir

Má chuir tú veain nó carr ar fáil do d’fhostaí le linn srianta COVID-19, féadfaidh sé go bhfeidhmeofar na rialacha Sochair Comhchineáil seo a leanas.

Tabhair do d'aire

Má lean d’fhostaí ar aghaidh le taisteal gnó mar is gnách, bhí na gnáthrialacha Sochair Comhchineáil i bhfeidhm. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Benefit-in-Kind, Private use of Employer-Provided Vehicles Tax and Duty Manual.

Tógann an fostóir an fheithicil ar ais

Ní raibh aon Sochar Comhchineáil má thóg tú an fheithicil ar ais agus nach bhfuil teacht ag fostaí ar an bhfeithicil.

Cuireann an fostóir cosc ar úsáid

Ní raibh aon muirear Sochair Comhchineáil má bhí feithicil ag an bhfostaí, ach ní fhéadfaí an fheithicil a úsáid go príobháideach.

Ní mór duit taifid a choinneáil le léiriú go raibh cosc curtha agat ar úsáid phríobháideach na feithicle. Mar shampla, cumarsáid uait chuig d’fhostóir nó fianaise ghrianghrafadóireachta den odaiméadar. 

Tugann an fostóir cead d’úsáid phríobháideach

Má chuir tú feithicil ar fáil do d’fhostaí agus go lig tú dóibh é a úsáid go príobháideach, féadtar an míleáiste gnó d’Eanáir 2020 a úsáid chun an Sochar Comhchineáil dlite a ríomh ag brath ar an méid seo a leanas:

  • ní raibh na cúinsí sa sampla roimhe seo i gceist
  • bhí míleáiste gnó teoranta nó laghdaithe (más ann dó) i gceist le linn thréimhse na géarchéime COVID-19
  • agus
  • bhí teorainn ar an úsáid phearsanta.

Míleáiste gnó

Ar feadh thréimhse shrianta COVID-19, bhraith an céatadán a d'úsáid tú chun an choibhéis airgid a ríomh ar na ciliméadair ghnó iarbhír d’Eanáir 2020.

Mar thoradh air seo bhí míleáiste gnó a bhliantúlú, mar gur dócha gur dearnadh an míleáiste in éagmais srianta. Chiallaigh an lamháltas seo, nach raibh tionchar suntasach ar an muirear Sochair Chomhchineáil mar gheall ar chomhlíontacht fostaí le treoir sláinte poiblí.

Bhí an beart seo i bhfeidhm le haghaidh na blianta measúnaithe 2020 agus 2021. Bhí an beart i bhfeidhm le haghaidh 2022 ach amháin i rith an tréimhse ama a raibh riachtanas ón treoraíocht sláinte phoiblí ar fostaí a bheith ag obair sa bhaile. Toisc nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag srianta sláinte poiblí de bharr Covid-19, ní raibh feidhm ag an mbeart seo ón 1 Meitheamh 2022.

Ba chóir duit taifid chuí a choinneáil. Mar shampla, an méid míleáiste gnó a thaistealaítear in Eanáir, méid na húsáide príobháidí agus fianaise ghrianghrafadóireachta den odaiméadar.

Féadfaidh sé go mbeidh cásanna ann nach raibh aon mhíleáiste gnó ag fostaí dá ról reatha in Eanáir 2020.

Mar shampla:

  • fostaí atá tar éis ról nua a ghlacadh ó mhí Eanáir 2020
  • gur d’fhill siad ar ais le taisteal gnó a mheastar a bheadh á dhéanamh acu in éagumuis srianta COVID-19. 

Sna cásanna seo, d'fhéadfaí modh réasúnta eile a úsáid chun an míleáiste bliantúil le haghaidh 2021 a ríomh.

Ní mór go dtabharfaidh an modh réasúnta eile aird ar:

  • an ról sonrach atá á dhéanamh ag an bhfostaí
  • agus
  • an taisteal gnó a rinne an fostaí in éagmais srianta taistil a bhaineann le COVID-19.

Úsáid carranna cuideachta ag fostaithe sa mhótarthionscal

Tá rialacha speisialta ann d’fhostóirí sa mhótarthionscal maidir le coibhéis airgid an chairr a chinneadh agus an muirear Sochair Comhchineáil á ríomh. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Fostaithe sa tionscal carranna agus mótar.

Go hiondúil, ní bhíonn feidhm ag na rialacha speisialta seo ach amháin má úsáideann an fostaí an carr ar feadh mí amháin nó níos lú. Le linn na géarchéime COVID-19 áfach, d'féadfadh fostaithe atá ag obair sa mhótarthionscal leanúint de na rialacha seo a úsáid má bhaineann an méid seo a leanas leis na fostaithe:

  • ar fostaithe iad a bhain leas as na coibhéisí airgid speisialta chun sochar comhchineáil a ríomh ar charranna cuideachta ó Eanáir 2020
  • agus
  • mar gheall ar shrianta, nach raibh siad in ann feithicil a athrú taobh istigh den achar ama riachtanach.

Bhí an beart seo i bhfeidhm le haghaidh na blianta measúnaithe 2020 agus 2021. Bhí an beart i bhfeidhm le haghaidh 2022 ach amháin i rith an tréimhse ama a raibh riachtanas ón treoraíocht sláinte phoiblí ar fostaí a bheith ag obair sa bhaile. Toisc nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag srianta sláinte poiblí de bharr Covid-19, ní raibh feidhm ag an mbeart seo ón 1 Meitheamh 2022.

Ar aghaidh: Táillí tacsaí a íoc