Athruithe don Sochar Comhchineáil le linn srianta COVID-19

Cóisirí séasúracha

Níor tháining muirear Sochair Chomhchineáil chun cinn sa chás gur thabhaigh tú costais réasúnta as cóisir fhíorúil Nollag a óstáil do do chuid fostaithe. Áiríodh sna costais réasúnta gnáthchostais a tabhaíodh le linn imeachta duine le duine a óstáil. Áiríodh leis seo an costas a bhaineann le bia agus deoch a sheachadadh nó a sholáthar do d’fhostaithe roimh nó i rith an imeachta.

Ní áiríodh dearbháin a cuireadh ar fáil chun a chur ar a gcumas d’fhostaithe bia nó deoch a cheannach iad féin don ócáid. Bhí dearbháin den chineál sin incháinithe mura raibh siad clúdaithe faoin Díolúine i leith Sochar Beag.

Ní mór go raibh an ócáid oscailte do gach fostaí.

Ar aghaidh: Cóiríocht agus trealamh curtha ar fáil ag fostóir