Athruithe don Sochar Comhchineáil le linn srianta COVID-19

Tástáil COVID-19 agus vacsaíniú in aghaidh an fhliú

Tástáil COVID-19

Ní raibh aon mhuirear Sochair Comhchineáil má chuir tú an méid seo a leanas ar fáil do d’fhostaí:

  • tástáil COVID-19 ag an obair
  • tástáil COVID-19 déanta ag tríú páirtí
  • trealamh tástála COVID-19 le haghaidh féinúsáide.

Vacsaíniú in aghaidh an fhliú

Ní raibh aon mhuirear Sochair Comhchineáil má chuireann tú vacsaín fliú ar fáil do d’fhostaí.

D'fhéadfá socrú a dhéanamh do d’fhostaithe an vacsaín fliú a fháil ar cheann de na bealaí seo:

  • cleachtóir cláraithe a fhostú chun an vacsaíniú a riar san ionad oibre
  • íocaíocht a dhéanamh go díreach le cleachtóir cláraithe chun iad a vacsaíniú taobh amuigh den ionad oibre
  • an fostaí a aisíoc as costas na vacsaíne a fháil iad féin (ní mór don fhostaí admháil a chur ar fáil).

Má d’íoc d’fhostaí as an vacsaín fliú iad féin, d'féadfadh siad creidmheas cánach a éileamh ar a gcuid costais sláinte.

Ar aghaidh: Costais taistil neamhghnó a aisíoc in 2020