Athruithe don Sochar Comhchineáil le linn srianta COVID-19

Díolúine i leith Sochar Beag

Tarscaoileadh an coinníoll nach bhféadfaí ach dreasacht amháin a eisiúint in aghaidh na bliana má theastaigh uait iarrachtaí do chuid fostaithe ag obair le linn na géarchéime COVID-19 a aithint. D'fhéadfá ceann de na córais seo a leanas a úsáid:

  • cuid de dhreasacht a íoctar de ghnáth níos déanaí sa bhliain a bhrostú
  • bronntanas breise a dhéanamh.

Má eisíodh níos mó ná dhá dhreasacht, ní fhéadfadh ach an chéad dá cheann cáiliú don Díolúine i leith Sochar Beag.

Bhí an lamháltas seo i bhfeidhm le haghaidh na blainta measúnaithe 2020, 2021 agus 2022.

Ní mór gach coinníoll eile den rannán a bheith comhlíonta. Mar shampla ní fhéadfadh luach uasta (carnach) na ndreasachtaí a bheith níos mó ná €500. Mar atá thuasluaite, áfach, tarscaoileadh an riachtanas gan ach dreasacht amháin a eisiúint. Má bhain tú leas as an lamháltas seo, ní mór na doiciméid chuí a choinneáil.

Ar aghaidh: Cóisirí séasúracha