Athruithe don Sochar Comhchineáil le linn srianta COVID-19

Cóiríocht agus trealamh curtha ar fáil ag fostóir

Cóiríocht curtha ar fáil ag fostóir

Má chuireann tú cóiríocht ar fáil do d’fhostaí le haghaidh úsáid phríobháideach ag an bhfostaí, go ginearálta, tagann muirear sochair comhchineáil aníos. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Cóiríocht saor ó tháille nó faoi fhordheontas.

Féadfaidh sé gur chuir tú cóiríocht shealadach ar fáil d’fhostaí chun riosca an scaipthe COVID-19 a mhaolú. Mar shampla, sa chás:

  • gur fhill fostaí ó thuras eachtrach agus go bhfuil air nó uirthi féinleithlisiú a dhéanamh
  • go raibh imní an go scaipfí an víreas chuig oibreoirí eile tosaigh sa teaghlach céanna. Ghlac na Coimisinéirí Ioncaim nár tháinig muirear sochair comhchineáil aníos le linn na tréimhse géarchéime COVID-19.

Bhí an beart seo i bhfeidhm le haghaidh na blianta measúnaithe 2020, 2021 agus 2022. Don bhliain measúnaithe 2022, séard a bhí i gceist le ‘sealadach’ maidir leis an beart seo ná uasthréimhse trí seachtaine i ndiaidh a chéile.

Trealamh curtha ar fáil ag fostóir

Níor tháinig  muirear sochair comhchineáil aníos nuair a chuir tusa trealamh ar fáil d’fhostaithe chun spás oibre a bhunú ina mbaile, amhail ríomhairí glúine. Áirítear i dtrealamh ríomhairí glúine, printéirí, scanóirí agus trealamh oifige.