Athruithe don Sochar Comhchineáil le linn srianta COVID-19

Costais taistil neamhghnó a aisíoc in 2020

Tabhair do d'aire

Tháinig deireadh leis an mbeart lamháltais seo ar an 31 Nollaig 2020. Ón 1 Eanáir 2021 tá na forálacha
maidir le costais taistil neamhghnó i bhfeidhm ar an ngnáthbhealach.

 In 2020, cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim lamháltas ar an gcánachas i leith aisíocaíochtaí fostóra le fostaí i ndáil le:

  • cealuithe saoire agus eitilte
  • costais cabhrú le fostaithe filleadh ar an Stát.

Ní thiocfaidh muirear Sochair Comhchineáil aníos ar aisíocaíocht na gcostas seo. Féadfaidh sé go n-áireofaí leis seo costais a bhaineann le daoine den teaghlach a bhí ar saoire nó atá le dul ar saoire leis an bhfostaí. 

Bhíodh sé faoi réir:

  • an fostaí a bheith lárnach don ghnó agus go raibh ar an bhfostaí filleadh chun déileáil le deacrachtaí a bhaineann leis an ngéarchéim COVID-19
  • na costais a thabhaítear a bheith réasúnta, agus nach ndearnadh an fostaí a chúiteamh ar bhealach eile (is é sin le polasaí árachais nó le héileamh díreach ar an soláthraí seirbhíse).

Ar aghaidh: Feithiclí curtha ar fáil ag fostóir