Clárú fostóirí le haghaidh Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT)

Léargas ginearálta

Má fhostaíonn tú fostaí, ní mór duit clárú mar fhostóir. Ní mór duit d’ainm agus do sheoladh agus d’intinn an fhoireann a íoc a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim. Ba cheart duit é seo a dhéanamh trí M’Fhiosruithe i Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) sula n-íocann tú d’fhostaí.

Mar fhostóir, beidh ort an méid seo a leanas a asbhaint ó phá comhlán d’fhostaí:

Ar, nó roimh, an dáta a ndéanann tú íocaíocht le d’fhostaí, ní mór duit an pá agus na hasbhaintí a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Is gá do chuideachta clárú mar fhostóir agus ÍMAT a oibriú ar ioncam stiúrthóirí, fiú mura bhfuil aon fhostaithe eile ann.

Más stiúrthóir cuideachta chorpraithe in Éirinn thú, ní mór duit cáin (ÍMAT) a íoc ar d’ioncam mar stiúrthóir. Is é seo an cás, is cuma do stádas cónaitheachta, nó cén áit a gcomhlíonann tú do chuid dualgas oibre.

Ní gá duit clárú mar fhostóir má tá fostaí intíre agat agus:

  • má íocann tú níos lú na €40 sa tseachtain leo
  • mura bhfuil agat ach an t-aon fhostaí den chineál sin.

Ar aghaidh: Cén chaoi le clárú