Clárú fostóirí le haghaidh Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT)

Athrú úinéireachta gnóthais

Féadtar gnóthas a aistriú de bhun díol nó sannadh. Féadfaidh sé go dteastóidh uimhir chlárúcháin nua má íocann an fostóir nua suim leis an bhfostaí atá níos mó ná an méid seo:

  • €8 in aghaidh na seachtaine (nó €36 in aghaidh na míosa), más fostaithe lánaimseartha iad
  • €2 in aghaidh na seachtaine (nó €9 in aghaidh na míosa), má tá fostaíochtaí eile acu.

Is gá don fhostóir nua na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi na híocaíochtaí seo. Iarrtar ar ríomh-thíolaiceoirí éigeantacha é seo a dhéanamh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).