Clárú fostóirí le haghaidh Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT)

Uimhreacha clárúcháin ar leithligh don fhostóir céanna

Féadfaidh tú roghnú uimhreacha ar leithligh clárúcháin a bheith agat le haghaidh grúpaí éagsúla fostaithe. Mar shampla, sa chás:

  • go bhfuil roinnt brainsí agat atá cláraithe ar leithligh le haghaidh ÍMAT (ní mór na fostaithe a íoc ón mbrainse sin, seachas ón gceannoifig)
  • go bhfuil taifid ar leithligh pá agat le haghaidh grúpaí éagsúla fostaithe (mar shampla, fostaithe oifige agus fostaithe monarchan)
  • go n-íocann tú tuarastal agus pinsean le fostaí
  • gur cuideachta theoranta thú agus gur mian leat do thuairisceáin a dhéanamh faoi uimhir chlárúcháin ar leithligh le haghaidh stiúrthóirí.

Más é seo an cás, féadtar ceachtar díobh seo a dhéanamh:

  • na híocaíochtaí uile atá dlite don Ard-Bhailitheoir a dhéanamh faoi gach uimhir clárúcháin
  • socrú a dhéanamh linn na suimeanna uile a íoc faoin uimhir clárúcháin ‘ceannoifige’.

Tabhair do d’aire

Má aistríonn fostaí ó uimhir chlárúcháin amháin go ceann eile, ní mór na nósanna imeachta a leanúint mar atá leagtha amach in ‘Fostaithe a thosú agus a scor’.

Ar aghaidh: Athrú úinéireachta gnóthais