Luacháil sochar

Dearbháin curtha ar fáil d'fhostaithe

Is éard atá i ndearbhán ná rud a fhéadtar a mhalartú ar earraí nó seirbhísí. Is ionann luach margaidh an dearbháin agus suim an airgid, nó luach na n-earraí, a fhaigheann tú nuair a úsáideann tú é.

Mar fhostóir, féadfaidh tú dearbháin a thabhairt d’fhostaithe de do chuid le haghaidh earraí áirithe, lena n-áirítear dearbháin bhéile. Is sochair incháinithe iad sin.

Go ginearálta is ionann aghaidhluach an dearbháin agus luach an tsochair. Sa chás go bhfuil an aghaidhluach beagán níos ísle ná an costas, glacfaidh muid leis an gcostas mar luach an tsochair.

Tabhair do d’aire

Is éard atá i luach an dearbháin béile ná aghaidhluach an dearbháin lúide 19c.

Ní fhéadann luach an tsochair a bheith níos lú ná an costas ort é a soláthair.

Ní mór duit luach an tsochair a chur le pá d’fhostaí, mar phá barúlach, chun an méid seo a leanas a asbhaint:

Mura soláthraíonn tú ach dearbhán amháin sa bhliain, féadfaidh sé go bhfuil an díolúine i leith sochar beag i bhfeidhm.

Ar aghaidh: Díolúine i leith Sochar Beag