Cáin ar shochar comhchineáil

Cáin a ghearradh ar shochair

Chun críocha cánach, ba chóir don fhostóir caitheamh le luach sochair mar phá barúlach. Ba chóir don fhostóir aon phá barúlach a chur san áireamh le pá an fhostaí sa tréimhse phá inar dtugtar an sochar.

Ní mór don fhostóir pá barúlach a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim, ar nó roimh an lá a dhéantar an íocaíocht barúlach leis an bhfostaí.

Ríomhtar Cáin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) agus Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) an fhostaí ar chomhiomlán an phá agus an phá barúlach. Ní mór na cánacha seo uile a asbhaint ó phá an fhostaí. Tá ÁSPC Fostóra dlite chomh maith ar iomlán an phá agus luach an tsochair in éineacht.

Ní mór don fhostóir luach na sochar inchánach agus an luach saothair scairbhunaithe go léir a thuairisciú ina dtíolacadh párolla do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Cáin a roinnt thar an mbliain