Cáin ar shochar comhchineáil
Pá neamhleor chun cáin a asbhaint
Féadfaidh sé go bhfuil an cháin atá dlite ar shochar níos mó ná pá iarbhír an fhostaí don tréimhse phárolla sin. Féadfaidh sé, chomh maith, nach bhfuil fostóir in ann an tsuim iomlán chánach atá dlite ar phá barúlach a asbhaint in aon tréimhse phá amháin.
Sa chás seo, ní mór don fhostóir an cháin iomlán atá inasbhainte don tréimhse seo a íoc leis an Ard-Bhailitheoir. Léireofar an tsuim seo ina ráiteas míosúil párolla.
Sa chás nach bhfuil aon phá iarbhír ag fostaí ach go bhfaigheann sé sochar, ní mór don fhostóir an cháin atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim a íoc ar an gceann is luaithe díobh seo a leanas:
- an chéad tréimhse pá eile ina mbíonn pá iarbhír ag an bhfostaí chun an cháin ar an bpá barúlach a asbhaint as
- nó
- i gcás nach bhfuil aon phá iarbhír ann sna tréimhsí pá nó sna tréimhsí pá ina dhiaidh sin, ar an 31 Nollaig sa bhliain chánach.
Ba chóir don fhostóir socrú a dhéanamh go n-aisíocfaidh a bhfostaí an cháin a íocadh thar ceann an fhostaí leis an bhfostóir.
Ní aisíocann fostaí an cháin a íocadh thar a gceann
Mura n-aisíocann fostaí an cháin lena bhfostóir faoin 31 Nollaig, is sochar inchánach í an cháin a d'íoc an fostóir. Ní mór don fhostaí Cáin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a íoc ar an sochar seo.
Ní mór don fhostóir caitheamh leis an sochar seo amhail gur chuir siad ar fáil é ar 28 Feabhra den bhliain ina dhiaidh. Ba chóir go é chur san áireamh é ina dtíolacadh párolla don tréimhse sin mar shochar inchánach.
Má stopann an fostaí ag obair don fhostóir faoin 28 Feabhra, ní mór don fhostóir an cháin neamhíoctha a dhearbhú i gcolún '1 - ÍMAT/MSU Gan aisghabháil' den Fhoirm P11D.
Aisíocann an fostaí an cháin a íocadh thar a gceann
Má aisíocann an fostaí an cháin go léir leis an bhfostóir roimh an 31 Nollaig sa bhliain chánach ábhartha, ní thagann aon sochar inchánach eile chun cinn.
Ar aghaidh: Cáin fostaí á híoc ag fostóir