Bia agus siamsaíocht

Tá feidhm ag rialacha difriúla ag brath ar na cúinsí ina gcuireann an fostóir bia agus siamsaíocht ar fáil.

Béilí ceaintín

Féadtar béilí saor in aisce nó béilí fóirdheonaithe a chur ar fáil i gceaintíní na foirne do d'fhostaithe go léir. Má chuirtear an áis seo ar fáil do gach fostaí, ní Sochar Comhchineáil (SC) incháinithe iad na béilí seo. Ní mór na béilí a bheith ar fáil i gceaintín foirne, faoi réir an méid a leagtar amach thíos. Ní bhaineann sé seo le bialanna seachtracha, caiféanna nó bunaíochtaí comhchosúla tríú páirtí.

Mura bhfuil an ceaintín ar fáil ach do fhostaithe áirithe, is sochair incháinithe iad na béilí a chuirtear ar fáil, faoi réir an méid a leagtar amach thíos.

Béilí foirne ar áitreabh an fhostóra

Má sholáthraíonn tú béilí ar d’áitreabh gnó, ní bheidh SC incháinithe i gceist má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

  • go bhfuil na béilí ar fáil do gach ball foirne
  • agus 
  • go ndéantar na béilí a ithe ar d’áitreabh gnó.

Beidh feidhm leis seo thuas ón 1 Deireadh Fómhair 2025.

Mura bhfuil na béilí ar fáil do gach ball foirne, tiocfaidh muirear SC incháinithe chun cinn. Tá an cánachas seo i gceistmura gcomhlíontar na coinníollacha atá liostaithe thíos don "lón oibre".

Lón Oibre

Is sochair incháinithe iad béilí a sholáthraíonn tú do chohórt de d'fhoireann go ginearálta.

Mar sin féin, ní bheidh SC incháinithe i gceist má chomhlíontar na coinníollacha seo:

  • go bhfuil riachtanas oibríochtúil ar leith ann (m.sh., cruinniú ina gcuirtear lón ar fáil ionas nach gá do bhaill foirne imeacht, nó nuair a bhíonn an foireann ag obair lamsuigh de ghnáthuaireanta oibre, srl.)
  • go ndéantar na béilí a ithe ar áitreabh an fhostóra
  • agus
  • nach sáraíonn an costas in aghaidh an fhostaí an ráta cothaithe laethúil státseirbhíse (5 uair an chloig nó níos mó ach níos lú ná 10 n-uaire an chloig). Is é an ráta reatha ná €19.25 d'fhostaí in aghaidh an lae oibre.

Tá feidhm ag an méid thuas ón 1 Deireadh Fómhair 2025 ar aghaidh.

Mura gcomhlíontar na coinníollacha, lena n-áirítear cás ina ndéantar an teorann laethúil a shárú, tiocfaidh muirear SC incháinithe chun cinn.

Féach TDM Part 05-01-01o le haghaidh tuilleadh treorach a fháil, lena n-áirítear samplaí de chásanna nach mbeidh muirear SC i gceist.

Chun eolas a fháil ar rátaí na státseirbhíse intíre, féach Rátaí státseirbhíse.

Muirear i leith cánach mar shochar comhchineáil 

Sa chás go dtagann muirear cánach chun cinn, tá d'fhostaithe inmhuirearaithe ar an sochar faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) maidir le:

Chun luach incháinithe an tsochair a ríomh do gach fostaí, ní mór duit:

  • na costais a roinnt idir d'fhostaithe a bhain leas as na béilí.
  • agus
  • gan aon fhostaí nach mbaineann leas as na béilí a chur san áireamh.

Dearbháin bhéile

Sa chás go gcuirtear dearbháin bhéile ar fáil do d'fhostaithe, is SC incháinithe iad na dearbháin seo. Ní mór dóibh Cáin Ioncaim, ÁSPC agus MSU a íoc ar aghaidhluach an tsochair. Is é luach an tsochair ná aghaidhluach an dearbháin. 

Costais siamsaíochta cliant

Féadfaidh sé go mbeidh ar d'fhostaí íoc as costais siamsaíochta gnó chun a ndualgais fostaíochta leat a chomhlíonadh. Féadtar iad a aisíoc le haghaidh costais dheimhnithe den chineál seo. Ní SC incháinithe é an cineál seo nuair a dhéantar costais siamsaíochta a aisíoc.

Cóisirí séasúracha agus imeachtaí uileghabhálacha eile

Féadtar cinneadh a dhéanamh cóisirí séasúracha, béilí le haghaidh ócáidí speisialta agus imeachtaí uileghabhálacha eile, amhail laethanta spóirt, a chur ar fáil do d'fhostaithe. Ní SCanna incháinithe iad costas na n-imeachtaí seo, ar an gcoinníoll go bhfuil na costais réasúnta agus go bhfuil na himeachtaí ar fáil do gach fostaí.