Lascainí d'fhoirne

Féadfaidh fostóir lascaine a thabhairt dá bhfostaí ar earraí nó seirbhísí a tháirgtear nó a dhíoltar ina ngnó. Leagtar amach sa rannán seo an chaoi a gcaitear leis an gcánachas ina leith sin.

Cén uair a bhíonn lascaine foirne saor ó cháin?

sochar comhchineáil inchánach é lascaine foirne sa chás:

  • go bhfuil an méid a d'íoc an fostaí níos mó ná nó cothrom leis na costais a thabhaigh an fostóir chun an rud a sholáthar
  • agus
  • ní féidir na hearraí a athrú go airgead go héasca (níl an fostaí in ann an t-earra a dhíol go héasca).

Cén uair atá lascaine foirne inchánach?

Tá lascaine foirne inchnach sna cásanna seo a leanas:

  • Tá an praghas a íoctar faoi bhun chostas fála nó táirgthe an fhostóra
  • Is féidir na hearraí a athrú go airgead go héasca
  • Dearbháin nó nótaí lascaine inmheánacha.

Sa chás go bhfuil an praghas faoi bhun chostais fála nó táirgthe an fhostóra

Tagann sochar comhchineáil inchánach chun cinn sa chás go soláthraíonn fostóir earra lascainithe d'fhostaí agus tá feidhm ag an dá cheann seo a leanas:

  • íocann an fostaí suim níos lú ná na costais a thabhaíonn an fostóir chun an earra a sholáthrú dóibh
  • agus
  • níl an fostaí in ann an t-earra a dhíol go héasca.

Sna cásanna seo, is sochar inchánach é an difríocht idir costais an fhostóra agus an praghas a íocann d’fhostaí. Tá an fostaí inmhuirir i leith an tsochair faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) chun:

Nuair is féidir na hearraí a athrú go dtí airgead go héasca

Tagann sochar comhchineáil inchánach chun cinn nuair a fhaigheann fostaí earra ar lascaine ó fhostóir atá siad in ann a dhíol go héasca.

Sna cásanna seo, is sochar incháinithe é an difríocht idir luach an earra agus an praghas a íocann an fostaí. Tá an fostaí inmhuirir i leith an tsochair faoin gcóras ÍMAT chun:

  • Cáin Ioncaim
  • ÁSPC
  • agus
  • MSU.

Dearbháin nó nótaí lascaine inmheánacha

Tagann sochar comhchineáil inchánach chun cinn sa chás go bhfaigheann fostaí dearbháin nó nótaí lascaine inmheánacha ó fhostóir. Is dearbháin inmheánacha nó nótaí lascaine iad seo:

  • atá bunaithe ar cheannacháin roimhe seo
  • agus
  • a d'fhéadfaí a úsáid i gcoinne ceannacháin amach anseo.

Sna cásanna seo, is iondúil gurb ionann luach an tsochair inchánach agus luach ainmniúil an dearbháin. Is é luach ainmniúil an dearbháin an méid airgid, nó luach na n-earraí, a fhaigheann tú nuair a úsáideann tú é. Tá an fostaí inmhuirir i leith an tsochair faoin gcóras ÍMAT chun:

  • Cáin Ioncaim
  • ÁSPC
  • agus
  • MSU.

D'fhéadfadh feidhm a bheith ag an Díolúine ó Shochar Beag sa chás go gcuireann fostóir dearbháin ar fáil sa bhliain agus go gcomhlíontar na coinníollacha riachtanacha.