Saorúsáid sócmhainní (seachas lóistín, carranna nó veaineanna curtha ar fáil ag fostóir)
Má chuireann fostóir saorúsáid sócmhainní ar fáil d'fhostaithe dá n-úsáid phríobháideach, is sochar incháinithe é sin.
Baineann an treoir seo le sócmhainní amhail troscán, ríomhairí, nó saothair ealaíne. Ní chumhaítear léi caranna, veaineanna , ná lóistín arna gcur ar fáil ag fostóir, a bhfuil rialacha ar leith ag baint leo.
Ní mór d'fhostóirí luach an tsochair seo a chur san áireamh tríd an gcóras Íoc Mar a Thuillir . Ciallaíonn sé sin go bhfuil an luach faoi réir na nithe seo a leanas:
Ciallaíonn 'saorúsáid' go dtugann fostóir cead dá fhostaí an tsócmhainn a úsáid gan úinéireacht na sócmhainne a thabhairt dó nó di.
Baineann an treoir atá leagtha amach ar an leathanach seo le fostaithe agus stiúrthóirí araon.
Luach an tsochair
Tabhair do d'aire
Laghdaítear luach an tsochair de réir aon íocaíochta a dhéanann fostaí leis an bhfostóir as úsáid na sócmhainne.
Is é luach an tsochair luach bliantúil úsáid na sócmhainne. Is é sin, de ghnáth, 5% de luach margaidh na sócmhainne nuair a cuireadh ar fáil mar shochar í den chéad uair. Is é an luach margaidh an méid a mbeadh an fostóir in ann an tsócmhainn a dhíol ar a shon le stainséir.
Ní athraíonn an luach margaidh fiú sna cásanna seo a leanas:
- cuirtear an tsócmhainn ar fáil d'fhostaí eile ina dhiaidh sin
- méadaíonn nó laghdaíonn luach na sócmhainne le himeacht ama.
I gcás nach gcuireann an fostóir an tsócmhainn ar fáil ach ar feadh cuid den bhliain amháin, ní mór don fhostóir an luach a ríomh bunaithe ar an gcuid sin den bhliain.
I gcás ina léasaíonn fostóir an tsócmhainn go fadtéarmach in ionad í a bheith faoina úinéireacht, is é luach an tsochair an ceann in airde díobh seo a leanas:
- an méid bliantúil a íoctar as a léas fadtéarmach
- nó
- 5% de luach margaidh na sócmhainne.
Má íocann fostóirí costais reatha a bhaineann leis an tsócmhainn, is sochar incháinaithe é an méid a íoctar i leith na sócmhainne. Laghdaíonn aon íocaíochtaí a dhéanann an fostaí i leith na gcostas sin an méid incháinithe.
Beidh ar fhostóirí Cáin Ioncaim, ÁSPC agus MSU a chur i bhfeidhm ar an sochar incháinithe. Ní mór d'fhostóirí luach an tsochair a thuairisciú mar chuid de phá comhlán an fhostaí sa tréimhse ina gcuirtear ar fáil é.
Earraí ealaíne ar iasacht
Féadtar earraí ealaíne a thabhairt ar iasacht gan cháin a íoc in aon chás sonrach amháin, is é sin:
- má choinnítear iad i bhfoirgneamh a bhfuil tábhacht leis
- agus
- go gcomhaontaíonn na Coimisineirí Ioncaim go bhfuil rochtain réasúnta ag an bpobal chun an t-earra agus an foirgneamh a fheiceáil.
Sampla 1
Ar an 1 Eanáir, cuireann troscán nua in árasán fostaí, Taidhg, gan aon chostas ar an bhfostaí. Cosnaíonn an troscán, a fhanann mar mhaoin de chuid an fhostóra, €10,000.
Is é an luach bliantúil úsáid an troscáin €500 (€10,000 x 5%).
Ní mór an pá barúlach €500 sa bhliain (€9.61 sa tseachtain nó €41.66 sa mhí) a chur le pá Taidhg chun na nithe seo a leanas a ríomh:
• Cáin Ioncaim
• ÁSPC
• MSU.
Sampla 2
Ar an 1 Lúnasa, cuireann fostóir troscán nua in árasán fostaí, Caitríona gan aon chostas ar an bhfostaí. Cosnaíonn an troscán, a fhanann mar mhaoin de chuid an fhostóra, €15,000.
Is é an luach bliantúil úsáid an troscáin €750 (€15,000 x 5%). Ós rud é nach bhfuil úsáid an troscáin ag Caitríona ach ón 1 Lúnasa (Lúnasa-Nollaig), ní mór an luach bliantúil a chionroinnt de réir go €312.50 (€750 x 5/12).
Ní mór pá barúlach €312.50 (€14.20 sa tseachtain nó €62.50 sa mhí) a chur le pá Catríona thar an tréimhse ó Lúnasa go Nollaig chun na nithe seo a leanas a ríomh:
• Cáin Ioncaim
• ÁSPC
• MSU.
I mblianta amach anseo, ní mór pá barúlach €750 (€14.20 sa tseachtain nó €62.50 sa mhí) a chur le pá Catríona chun na nithe seo a leanas a ríomh:
• Cáin Ioncaim
• ÁSPC
• MSU.
Sampla 3
Ar an 1 Eanáir, cuireann fostóir pictiúr ar fáil d'fhostaí, Treasa, lena thaispeáint ina teach. Cuireadh an tsochmhainn seo ar fáil den chéad uair mar shochair d'fhostaí eile trí bliana ó shin, nuair a bhí a luach margaidh €3,000. Tá luach €8,000 ar an bpictiúr anois.
Is é an luach bliantúil ar úsáid ar an bpictiúr ná €150 (€3,000 x 5%).
Ní mór pá barúlach €150 sa bhliain (€2.88 sa tseachtain nó €12.50 sa mhí) a chur le pá Threasa chun na nithe seo a leanas a ríomh:
• Cáin Ioncaim
• ÁSPC
• MSU.
Sampla 4
Ar an 1 Eanáir, cuireann saorúsáid troscáin ar fáil d'fhostaí, Eoin, an troscán é a úsáideadh roimhe sin i seomraí taispeántais an fhostóra. €5,000 a chosain an troscán ar dtús. Ba é €3,500 an luach margaidh ar an 1 Eanáir (nuair a cuireadh ar fáil den chéad uair mar a shochar é), bunaithe ar luacháil ghairmiúil.
Is é an luach bliantúil úsáid an troscáin €175 (€3,500 x 5%).
Ní mór pá barúlach €175 sa bhliain (€3.36 sa tseachtain, nó €14.58 sa mhí) a chur le pá Eoin chun na nithe seo a leanas a ríomh
• Cáin Ioncaim
• ÁSPC
• MSU.