Pleananna árachais agus scrúduithe sláinte

Faoiseamh Árachais Sláinte

Féadfaidh fostóirí préimheanna árachais sláinte a íoc thar ceann d’fhostaithe. Is sochar comhchineáil (SC) é seo. Ní mór d'fhostaithe Cáin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a íoc ar an bpréimh chomhlán. Is é seo an méid atá dlite sula n-asbhaineann fostóirí Faoiseamh Árachais Sláinte ó mhéid na préimhe.

Féadtar iarratas a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim chun Faoiseamh Árachais Sláinte a éileamh. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Préimheanna árachais sláinte.

Árachas cosanta fostaithe

Féadfaidh fostóirí polasaí árachais a thógáil amach chun costas speansas pá breoiteachta d'fhostaithe a chlúdach. Ní mheastar gur polasaí Buanárachais Sláinte (PHI) é seo chun críocha cánach mar go n-íocfaí na fáltais leis an ngnó. Sna cúinsí sin, ní thiocfadh aon mhuirear SC chun cinn d'fhostaí.

Cumhdach sonrach PHI

Is sochar inchánach é cumhdach sonrach PHI má thógann an fostóir polasaí amach chun speansais pá breoiteachta fostaithe nó stiúrthóirí áirithe a chlúdach. D'íocfaí fáltais na bpolasaithe sin go díreach leis an bhfostaí nó leis an stiúrthóir. Is é méid na préimhe a íocadh luach inchánach an tsochair.

Ranníocaíocht fostóra le scéimeanna PHI

Féadfaidh fostóirí scéim a oibriú ina ranníocann an fostóir agus na fostaithe araon le préimheanna árachais. Ní mór faomhadh na gCoimisinéirí Ioncaim a bheith ag an scéim seo. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Tax and Duty Manual Part 15-01-10. Tá an faoiseamh cánach a dheonaítear ar rannaíochtaí PHI faoi réir uasmhéid 10% d'ioncam an duine aonair don bhliain.

Ní fhéadfaidh an ranníocaíocht comhiomlán a bheith níos mó ná an teorainn 10%. Má tá an ranníocaíocht iomlán PHI níos mó ná 10% d'ioncam an fhostaí, ní mór don fhostóir Cáin Ioncaim, ÁSPC agus MSU a asbhaint ón bhfarrasbarr os cionn 10%. Mura bhfuil faomhadh na gCoimisinéirí Ioncaim ag an bpolasaí, is SC í an phréimh iomlán a íocann an fostóir.

Pleananna leighis inmheánacha

Féadfaidh fostóirí plean sláinte inmheánach a reáchtáil lena ndéanann fostaithe ranníocaíochtaí leis agus éilimh uaidh. I gcás nach ndéanann an fostóir aon ranníocaíocht leis an bplean seo, ní bheidh ar an bhfostóir muirear SC a chur i bhfeidhm.

Má dhéanann an fostóir ranníocaíochtaí leis an bplean leighis inmheánach, ní mór don fhostóir faomhadh na gCoimisinéirí Ioncaim a lorg lena dheimhniú nach bhfuil feidhm ag muirear SC. Féadtar cead a lorg ó oifig na gCoimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe a úsaid i Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Féadfaidh fostóirí rogha a dhéanamh  liachleachtóir ginearálta a fhostú, nó táille áirithíochta a íoc leis. Má dhéanann fostóirí amhlaidh, ní dhéileálfar le haon sochar a fhaigheann na fostaithe mar SC inchánach.

Scrúduithe sláinte

Féadfaidh fostóirí íoc as scrúdú sláinte amháin in aghaidh na bliana do gach fostaí. Ní sochar inchánach é seo i gcás ina bhfuil an scrúdú sláinte ar fáil do gach fostaí agus gur cineál cáilitheach atá ann. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Tax and Duty Manual Part 05-01-01n.

Tabhair do d'aire

Níl feidhm leis an teorainn de scrúdú sláinte amháin do sheirbhísí leighis má éilítear le conradh fostaíochta go bhfuil níos mó ná scrúdú sláinte amháin in aghaidh na bliana riachtanach d'fhostaí.