Daoine faoi mhíchumas

Cén chaoi le CBL a aiséileamh ar raidiónna do na daill

Féadfaidh institiúid nó cumann a bhfuil sé mar chuspóir príomhúil acu feabhas a chur ar chaighdeán maireachtála na ndall aisíocaíocht Cánach Breisluacha (CBL) íoctha a aiséileamh. Féadtar CBL a aiséileamh ar cheannach nó ar iompórtáil gléasanna raidió atá beartaithe le haghaidh úsáid na ndall.

Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse incháinithe lena mbaineann an t-éileamh.

Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a dhéanamh ar Foirm CBL 61A.

Ba chóir iarratais ar aisíocaíocht a dhéanamh ar ríomhAisíocaíochtaí trí moChúrsaí.