Daoine faoi mhíchumas

An chaoi le CBL ar áiseanna agus fearais do dhuine faoi mhíchumas a aiséileamh

Féadtar Cáin Bhreisluacha (CBL) ar áiseanna agus fearais áirithe lena n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas a aiséileamh. Ba chóir éilimh ar aisíocaíocht a dhéanamh ar ríomh-Aisíocaíochtaí trí MoChúrsaí. De rogha air seo, féadtar foirmeacha páipéir a dhéanamh ar Form VAT 61A. Ní mór iarratais a dhéanamh taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse incháinithe CBL lena mbaineann an t-éileamh. Ní mór don éilimh a bheith in ainm an duine a cheannaigh na hearraí.  

I measc na gcoinníollacha tá fianaise le cur ar fáil a léiríonn:

  • go bhfuil duine faoi mhíchumas
  • agus
  • conas a fhreastalaíonn an mhír/na míreanna ar riachtanais an duine faoi mhíchumas a chomhlíonadh.

Earraí cáilitheacha

Chun cáiliú don aisíocaíocht seo, ní mór do na hearraí a bheith:

  • ina n-áiseanna agus ina bhfearais (lena n-áirítear páirteanna agus oiriúintí) atá tógtha nó oiriúnaithe go speisialta lena n-úsáid ag an duine faoi mhíchumas
  • cé nach bhfuil siad tógtha nó oiriúnaithe go speisialta amhlaidh, de chineál iad go bhféadtar caitheamh leo mar sin agus cineál míchumais an duine a chur san áireamh. 

 Ní mór an méid seo a leanas a bheith i gceist le hearraí den sórt sin:

  • tá siad á n-úsáid ag an duine faoi mhíchumas chun cabhrú leo tascanna laethúla riachtanacha a chur i grích 
  • agus
  • tá siad faoi úinéireacht agus á n-úsáid ag an duine faoi mhíchumas agus an duine sin amháin.

Níl institiúidí incháilithe le haghaidh an fhaoisimh nuair atá na háiseanna agus na fearais ann chun leasa na hinstitiúide.  Mar shampla, ospidéil, scoileanna, agus institiúidí den chineál sin.

Eisiatar seirbhísí agus costais chíosa agus ní cháilíonn siad le haghaidh aisíocaíochta. 

Seo thíos liosta samplaí d’earraí cáilitheacha:

  • áiseanna riachtanacha baile a tógadh nó a oiriúnaíodh go speisialta do dhaoine faoi mhíchumas
  • folcadáin siúil isteach nó i gcithfholcadáin a tógadh nó a oiriúnaíodh go speisialta do dhaoine faoi mhíchumas
  • cathaoireacha leithris nó áiseanna leithris den chineál sin a tógadh nó a oiriúnaíodh go speisialta do dhaoine faoi mhíchumas
  • cathaoir inchlaonta leighis nó soghluaisteachta agus, nó cathaoireacha ardaithe a tógadh go speisialta do dhaoine faoi mhíchumas agus a ceannaíodh ó sholáthróir leighis
  • ardaitheoirí agus áiseanna ardaithe nó aistrithe, cathaoireacha staighre san áireamh
  • agus
  • ráillí láimhe agus rampaí a tógadh nó a oiriúnaíodh go speisialta do dhaoine faoi mhíchumas.

Féadfar na hearraí seo a leanas a mheas má tógadh nó má oiriúnaíodh iad go speisialta do dhaoine faoi mhíchumas agus má tá siad molta ag liachleachtóir:

  • Earraí leictreonacha áirithe a tógadh nó a oiriúnaíodh go speisialta do dhaoine faoi mhíchumas.
  • agus
  • Earraí céadfacha a tógadh nó a oiriúnaíodh go speisialta do dhaoine faoi mhíchumas.

Ní mór na doiciméid tacaíochta seo a leanas a thíolacadh le gach éileamh: 

  • Fianaise ar mhíchumas ó liachleachtóir.
  • Sonraisc nó admhálacha atá marcáilte 'íoctha ina n-iomláine' agus ina bhfuil: 
    • cur síos ar na hearraí
    • costas na n-earraí, gan CBL san áireamh
    • an tsuim CBL a íocadh agus an ráta CBL
    • costas iomlán na n-earraí
    • sonraí an tsoláthróra agus uimhir chláraithe CBL
    • agus
    • sonraí an chustaiméara. 
  • Fianaise ar aon deontas nó cúnamh airgeadais eile Stáit, más infheidhme
    • agus
    • fianaise ar an gcaoi a bhfuil an mhír ag freastal ar riachtanais an duine faoi mhíchumas ó liachleachtóir
    • nó 
    • fianaise ó mhonaróir ar an gcaoi ar tógadh nó ar oiriúnaíodh an mhír go speisialta do dhaoine faoi mhíchumas.

Ní mór d'earraí nár monaraíodh nó nár tógadh go speisialta iad do dhuine faoi mhíchumas fianaise a bheith acu ó liachleachtóir maidir leis an gcaoi a bhfuil siad ag freastal ar riachtanais shonracha an duine. Ní mór go n-áireofaí san fhianaise sonraí maidir leis an gcaoi a bhfuil an mhír ag cabhrú leis an duine a míchumas a shárú. 

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an leathanach ceisteanna coitianta FAQ.

Ar aghaidh: Cén chaoi le CBL a aiséileamh ar raidiónna do na daill