Daoine faoi mhíchumas

Cén chaoi le CBL a éileamh ar ais ar fheithiclí do dhaoine faoi mhíchumas

Féadfaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) a aiséileamh i ndáil le feithiclí oiriúnaithe faoin Scéim um Thiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas. Féadann na daoine seo a leanas an scéim a éileamh:

  • daoine faoi mhíchumas diana agus buana atá mar shealbhóirí bundeimhnithe liachta mar thiománaithe nó paisinéirí
  • eagraíochtaí chun daoine faoi mhíchumas diana agus buana atá mar shealbhóirí bundeimhnithe liachta mar thiománaithe nó paisinéirí a iompar.

Ba chóir iarratais ar an scéim seo a dhéanamh ar líne ag baint úsáid as deilbhín na Scéime um Thiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas ar moChúrsaí.

Tá tuilleadh eolais ar an scéim seo ar fáil ar líne ag VRT7 – Tiománaithe agus Paisinéirí Faoi Mhíchumas – Eagraíochtaí – Scéim Faoisimh Cánach nó ón Lároifig Aisíocaíochtaí

Ar aghaidh: An chaoi le CBL ar áiseanna agus fearais do dhuine faoi mhíchumas a aiséileamh