Costais sláinte

Costais fiaclóireachta

Gnáthchóireáil fiaclóireachta

Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh i leith gnáthchóireáil fiaclóireachta. Áirítear leis sin:

  • líontaí
  • sciúradh nó glanadh
  • fiacail a stoitheadh
  • fiacla saorga nó cíora fiacla a sholáthar nó a dheisiú.

Cóireáil fiaclóireachta nach gnáthchóireáil é

Féadtar faoiseamh a éileamh i leith cóireáil fiaclóireachta nach gnáthchúram é. Áirítear leis seo:

  • corónacha
  • veinírí nó líontaí eitseáilte de chineál Rembrandt
  • athchur barr
  • croíleacáin óir nó croíleacáin snáithínghloine
  • inleaganacha (leagan níos lú de choróin óir). Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh i leith inleaganacha óir ach amháin má dhéantar lasmuigh den bhéal iad. 
  • iondadóntaic (cóireáil cuais fréimhe)
  • cóireáil phearadóntach le haghaidh galar drandail amhail:
    • plánáil fréimhe (lena n-áirítear cúiréadacht agus dítháthú) agus liopóga drandail
    • cléithíní crómchóbailt (seachas má bhíonn fiacla ann)
    • ionchlannáin (lena n-áirítear beangú agus méadú cnáimhe)
  • cóireáil ortadóntach (soláthar teanntán agus cóireálacha gaolmhara)
  • stoitheadh máinliach fiacla forais chomhdhingthe
  • oibreacha droichid (droichead cruanchoinneála nó droichead a bhfuil tacaí fiacla faoi).

Cóireáil fiaclóireachta lasmuigh d'Éirinn nach gnáthchóireáil é

Féadtar éileamh a dhéanamh i leith cóireáil fiaclóireachta nach gnáthchóireáil é a rinneadh ort lasmuigh d'Éirinn. Chun cáiliú don fhaoiseamh, ní mór don fhiaclóir a bheith ina chleachtóir fiaclóireachta cáilithe faoi dhlíthe na tíre sin. Ní mór duit iarraidh ar an bhfiaclóir an Fhoirm Med 2 a chomhlánú le haghaidh d'éilimh.

Cén chaoi a ndéantar éileamh ar chostais fiaclóireachta

Chun faoiseamh cánach a éileamh ar chóireáil fiaclóireachta nach gnáthchóireáil é, ní mór:

  • an tsuim a chur san áireamh i d’éileamh costais sláinte faoin teideal Neamh-Ghnáthchóireáil
  • an Fhoirm Med 2 a bheith comhlánaithe ag d’fhiaclóir.

Is iondúil go dtabharfaidh d'fhiaclóir an Fhoirm Med 2 chugat tar éis do chóireála. Má fhaigheann tú cóireáil thar thréimhse níos mó ná aon bhliain amháin, ní mór don fhiaclóir Med 2 ar leithligh a chomhlánú le haghaidh gach ceann de na blianta.

Mínítear sonraí ar an gcaoi le héileamh a dhéanamh ar an leathanach ‘Cén chaoi le héileamh a dhéanamh ar chostais sláinte?’.

Tabhair do d'aire:

Is admháil é do Med 2 le haghaidh do chuid costas sláinte. Ní foirm éilimh é. Ní gá duit do Med 2 a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, ach ba chóir duit é a choinneáil le do chuid taifead. Féadfaidh sé go n-iarrfar ort é a chur ar fáil más gá dúinn d’éileamh a sheiceáil.

Ar aghaidh: Costais tí altranais agus costais breise cúraim altranais