Iasacht um thithe altranais (Scéim Cothroim na Féinne)

Léargas ginearálta

Is iondúil go dtugtar ‘Iasacht um Theach Altranais’ ar Thacaíocht Chúnta Stáit. Tá an iasacht seo mar chuid den ‘Scéim Cothroim na Féinne’ arna riar ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

Baineann an iasacht le daoine faoi chúram tí altranais a bhfuil sócmhainní, lena n-áirítear talamh agus maoine. Féadfaidh siad moill a chur le híoc as a gcúram go dtí tar éis a mbáis, ag baint úsáid as na sócmhainní seo chun an iasacht a urrú.

Tabhair do d’aire

Íocann an FSS an iasacht go díreach leis an teach altranais. Ní fhéadtar costais sláinte a éileamh ar an tsuim íoctha ag an FSS leis an teach altranais.

Nuair a aisíoctar an iasacht, féadfaidh tú nó d’eastát costais sláinte a éileamh ar an tsuim aisíoctha.

Ar aghaidh: Ról na gCoimisinéirí Ioncaim agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)