Iasacht um thithe altranais (Scéim Cothroim na Féinne)

Cé leis a ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim teagmháil i leith aisíocaíochta?

Nuair atáthar ag cur isteach ar an iasacht, soláthraíonn an té atá ag déanamh an iarratais sonraí an duine a bheidh freagrach as an iasacht a íoc ar ais. Tugtar an duine cuntasach nó an t-ionadaí pearsanta cuí ar an duine seo.

Nuair atá an iasacht dlite le bheith aisíoctha, tugann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) sonraí teagmhála an duine chuntasaigh nó an t-ionadaí pearsanta cuí do na Coimisinéirí Ioncaim. Déanann na Coimisinéirí Ioncaim teagmháil leis an duine sin chun aisíocaíocht a iarraidh.

Tabhair do d’aire

Ní mór duit an FSS a chur ar an eolas má athraíonn sonraí an duine chuntasaigh nó an t-ionadaí pearsanta chuí. Cuireann an FSS na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas ansin.

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-aisíoctar an iasacht leis na Coimisinéirí Ioncaim?