Iasacht um thithe altranais (Scéim Cothroim na Féinne)

Ról na gCoimisinéirí Ioncaim agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Déanann an FSS an scéim seo a riar. 

Ról an FSS

Ní mór don duine atá faoi chúram tí altranais cead i scríbhinn a thabhairt Ordú Muirir a bheith cláraithe i leith a sócmhainn nuair a dhéanann siad iarratas. Is cineál morgáiste simplí é an tOrdú Muirir a urraíonn an t-airgead a dtugann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ar iasacht dóibh.

Íocann an FSS an t-airgead don teach altranais ar son an duine faoi cúram tí altranais.

Nuair atá an iasacht le n-íoc ar ais, cuireann siad na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoin méid atá dlite agus an dáta ar a bhfuil sé dlite. Tá an iasacht le haisíoc nuair a tharlaíonn ceachtar de na cásanna seo a leanas:

  • ar bhás an duine faoi chúram
  • ar dhíol nó ar aistriú na maoine a bhfuil an tOrdú Muirir déanta ina leith, má tharlaíonn sé seo roimh bhás an duine faoi chúram.

Ról na gCoimisinéirí Ioncaim

Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim an iasacht thar ceann an FSS.

Nuair atá an iasacht íoctha in iomlán, cuireann na Coimisinéirí Ioncaim an FSS ar an eolas faoi agus bainfidh siad an tOrdú Muirir cláraithe i gcoinne na sócmhainne.

Ar aghaidh: Cé leis a ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim teagmháil i leith aisíocaíochta?