Iasacht um thithe altranais (Scéim Cothroim na Féinne)

Ús ar íocaíochtaí déanacha

Gearrfar ús ar aon chuid den iasacht a íoctar tar éis an dáta dhlite. Is é an dáta dlite ná:

  • 12 mhí tar éis dáta an bháis, i gcás aisíocaíochtaí iasachta a rinneadh toisc go bhfuair an duine faoi chúram bás
  • 6 mhí tar éis dháta díola nó aistrithe, i gcás aisíocaíochtaí iasachta a rinneadh toisc gur díoladh nó gur aistríodh an mhaoin nó an talamh ar a bhfuil an tOrdú Muirir ann.

Ní ghearrtar ús ó dháta dlite aisíocaíochta na hiasachta.

An dáta óna ngearrfar an t-ús

I gcás aon íocaíocht a dhéantar tar éis an dáta dlite, gearrfar ús ó:

  • dháta an bháis, i gcás aisíocaíochtaí iasachta a rinneadh toisc go bhfuair an duine faoi chúram bás
  • dháta díola nó aistrithe, i gcás aisíocaíochtaí iasachta a rinneadh toisc gur díoladh nó gur aistríodh an mhaoin nó an talamh ar a bhfuil an tOrdú Muirir ann.

Ní mór don duine cuntasach nó don ionadaí pearsanta cuí gníomhú go luath chun muirir úis a sheachaint.

Ráta úis

Is é an ráta úis reatha ná 0.0219% in aghaidh an lae.