Costais sláinte

Cén chaoi a ndéantar éileamh i leith costais sláinte?

Tabhair do d’aire

Níl an fhoirm Med 1 ar fáil a thuilleadh. Éilítear costais sláinte trí do Thuairisceán Cánach Ioncaim. Más cáiníocóir Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) thú, tá sé de rogha agat chomh maith faoiseamh i bhfíor-am a éileamh le linn na bliana.

Féadfaidh tú faoiseamh ar chostais sláinte a éileamh trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh ach amháin i leith costais a bhfuil admhálacha agat dóibh. Féadtar faoiseamh a éileamh i leith costais sláinte na gceithre bliana roimhe seo. Ní fhéadtar costais a thabhaíodh thar roinnt blianta a phróiseáil mar chomhéileamh singil. Is gá gach bliain a éileamh ar leithligh trí Thuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú.

Deonaítear faoiseamh le haghaidh do chostais sláinte trí aisíocaíocht chánach. Chun leas a bhaint as, ní mór gur íoc tú cáin sa bhliain chuí.

Má tá árachas sláinte príobháideach agat, féadtar faoiseamh cánach a éileamh i leith sciar na gcostas sin nach bhfuil clúdaithe ag d’árachóir.

An chaoi le héileamh a dhéanamh más cáiníocóir ÍMAT thú

An bealach is tapúla agus is éasca chun éileamh a dhéanamh ar an bhfaoiseamh ná trí moChúrsaí.

In moChúrsaí, féadfaidh tú faoiseamh a éileamh trí do Thuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú ag deireadh na bliana, nó i bhfíor-am le linn na bliana.

Chun éileamh a dhéanamh sa bhliain reatha cánach, lean na céimeanna seo a leanas:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do cháin 2024’ i Seirbhísí ÍMAT.
  3. Roghnaigh ‘Cuir creidmheasanna nua leis’.
  4. Roghnaigh ‘Sláinte’ agus snia roghnaigh ‘Costais sláinte’ agus cuir leis é mar chreidmheas cánach.
  5. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

I gcás 2020 agus blianta ina dhiaidh, lean na céimeanna seo a leanas: 

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2020-2023’ i Seirbhísí ÍMAT.
  3. Iarr ar Ráiteas Dliteanais.
  4. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
  5. Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Sláinte’ agus ansin roghnaigh ‘Costais sláinte’.
  6. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Is taobh istigh de chúig lá oibre a fhaigheann formhór na ndaoine a éilíonn an faoiseamh seo ar líne nuair atá sé dlite dóibh.

Mura bhfuil tú in ann moChúrsaí a úsáid, déan teagmháil le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

An chaoi le héileamh a dhéanamh má tá tú faoin mbonn féinmheasúnaithe

Sínigh isteach ar ROS agus comhlánaigh an rannán ar chostais sláinte ar do Thuairisceán bhliantúil Cánach Ioncaim (Foirm 11).

Costais sláinte íoctha ag breis agus duine amháin

Féadann gach duine éileamh a dhéanamh ina nduine i leith an sciartha den chostas a d’íoc siad féin.

Costais sláinte íoctha thar bhlianta éagsúla

Féadfaidh sé go bhfaighidh tú cúram sláinte i mbliain amháin, ach go n-íocfaidh tú as an bhliain dá éis. Sa chás seo, féadfaidh tú an faoiseamh a éileamh sa bhliain:

  • a fuair tú an cúram
  • a d’íoc tú as an gcúram.

Sampla

Tháinig tinneas ort i mí na Nollag 2022 ar theastaigh cóireáil lena aghaidh. Costais sláinte €1,000 san iomlán a bhí air. D’íoc tú €700 in 2022 agus an €300 eile in 2023.

Tá dhá rogha agat agus tú ag éileamh faoiseamh cánach i leith na gcostas sláinte seo.

Rogha 1 – féadtar €1,000 a éileamh i leith na bliana cánach 2022.

Rogha 2 – féadtar €700 a éileamh i leith na bliana cánach 2022 agus €300 i leith na bliana cánach 2023.

Admhálacha a theastaíonn chun éileamh a dhéanamh i leith costais sláinte

Iarrtar ort gach admháil bhunaidh a choinneáil ar feadh sé bliana nuair a dhéanann tú éileamh i leith costais sláinte. Ní gá duit na hadmhálacha seo (áirítear leis seo foirmeacha Med 2) a thíolacadh nuair atá d’éileamh á dhéanamh agat. Féadfaidh sé, áfach, go n-iarrfaidh muid iad a fheiceáil má roghnaítear d’éileamh lena seiceáil.

Tá seirbhís Rianaire Admhálacha na gCoimisinéirí Ioncaim in moChúrsaí ar an rogha is tapúla agus is éasca le d’admhálacha a stóráil. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Bainistigh d’admhálacha leis an rianaire admhálacha.