Costais sláinte

Céard is costais cháilitheacha ann?

Tabhair do d'aire:

Chun cáiliú don fhaoiseamh, ní mór gur lia-chleachtóir cláraithe, amhail dochtúir nó fiaclóir, a dhéanann an cúram sláinte, nó a mholann é.

Féadtar seiceáil má tá lia-chleachtóir cláraithe trína gclárúchán a sheiceáil trí Chomhairle na nDochtúirí Leighis in Éirinn nó trí Chomhairle Fiaclóireachta na hÉireann.

Is le haghaidh cúram sláinte atá íoctha agat atá costais sláinte cháilitheacha. Samplaí de chostais sláinte cháilitheacha is ea íocaíochtaí le haghaidh:

  • seirbhísí dochtúra agus comhairligh
  • gnáthchúram agus cúram máithreachais do mhná le linn toirchis
  • modhanna diagnóiseacha arna moladh ag liachleachtóir
  • seirbhísí in ospidéil nó áiseanna cóireála amhail clinicí, sa chás go bhfuil na seirbhísí:
    • á gcur ar fáil ag lia-chleachtóir
    • modhanna diagnóiseacha arna moladh ag lia-chleachtóir
  • iompar le hotharcharr
  • toirchiú in vitro (IVF)
  • snáthaidpholladh (sa chás amháin go bhfuil sé á chur ar fáil ag lia-chleachtóir)
  • cúram fiaclóireachta nach gnáthchúram é
  • cóireáil ó shíceolaí nó ó shíciteiripeoir, sa chás:
    • go bhfuil an síceolaí nó an síciteiripeoir ina lia-chleachtóir
    • gur atreoraigh lia-chleachtóir thú i dtreo modh diagnóiseach
  • costais bhreise cúraim sláine do leanaí:
    • a bhfuil breoiteacht bhagrach don bheatha orthu nó míchumas buan
    • a dteastaíonn teiripeoir urlabhra agus teanga nó measúnú síceolaíochta oideachais uathu
  • costais bhreise d’othar duán
  • costais tí altranais agus costais cúraim altranais bhreise.

Féadtar faoiseamh a éileamh i leith an mhéid seo a leanas sa chás go n-ordaíonn, go n-atreoraíonn, nó go molann lia-chleachtóir ceann díobh seo a leanas:

  • drugaí agus cógais
  • cóireáil ortoptach nó cóireáil den chineál sin (cóireáil le haghaidh fiarshúilí nó neamhoird gluaiseachta súil)
  • cóireáil fisiteiripe nó cóireáil den chineál sin (amhail círichleachtóir, oistéapat nó cúipinéir)
  • costais chosliachta
  • costais chothaithe speisialta le haghaidh céiliach agus diaibéiteach
  • costais fearais sláinte, máinluachta, fiaclóireachta nó altranais a cheannach, a chothabháil agus a dheisiú. Áirítear áiseanna éisteachta anseo
    (Tá coinníollacha ann a bhaineann le ceannach na n-earraí seo. Tá míniú orthu seo sa treoirleabhar Tax and Duty Manual 15-01-12).

An tSeirbhís Riochtaí Coitianta

Tá seirbhís nua seolta ag an Roinn Sláinte ar a dtugtar Common Conditions Service (CCS).

Cuireann an tseirbhís seo ar chumas cógaiseoirí pobail atá rannpháirteach sa tseirbhís comhairle a sholáthar agus roghanna cóireála a thairiscint d'othair le haghaidh ocht riocht coitianta. Is féidir le cógaiseoirí pobail rannpháirteacha cógais áirithe ar oideas amháin a ordú, nuair is cuí, i gcomhréir le prótacail chliniciúla an chomhaontaithe le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

Is féidir le daoine aonair faoiseamh cánach a éileamh ar chostas na gcomhairliúchán seo agus ar aon drugaí nó cógais a ordaítear faoin CCS i soláthar cúram sláinte. Is féidir le daoine aonair faoiseamh cánach a éileamh ar a gcostais sláinte féin, ar chostais de chuid ball teaghlaigh nó d'aon duine aonair, a luaithe is a íoctar na costais.

Costais sláinte atá eisiata go sonrach ón bhfaoiseamh

Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh i leith an mhéid seo a leanas:

  • gnáthchóireáil fiaclóireachta
  • gnáthchúram oftalmach (súl), amhail tástálacha súl
  • máinliacht chosmaideach nó gnáthaimh amhail rineaplaiste, méadú cíoch nó cóireáil Botox
    (Féadfaidh sé go bhfuil faoiseamh ar fáil sa chás go gcuireann an mháinliacht fadhb sláinte ina ceart, amhail deacrachtaí anála. Déan teagmháil le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh cabhair bhreise)
  • costais i leith madraí treorach agus madraí cabhrach (féadtar an Liúntas i leith Madraí Treorach nó an Liúntas Cánach i leith Madraí Cabhrach a éileamh).

An bhféadann tú éileamh a dhéanamh i leith cúram sláinte a fuarthas taobh amuigh d’Éirinn?

Féadann. Chun cáiliú don fhaoiseamh, ní mór don lia-chleachtóir a bheith cláraithe faoi dhlíthe na tíre sin chun leigheas nó fiaclóireacht a chleachadh ann.

Má thaistealaíonn tú thar lear chun cúram sláinte a fháil nach bhfuil ar fáil in Éirinn, féadtar faoiseamh a éileamh, chomh maith, i leith an mhéid seo a leanas:

  • costais réasúnta lóistín agus taistil
  • costais lóistín agus taistil duine i dtionlacan leat (má iarrtar é mar gheall ar d’fhadhb sláinte).

Ar aghaidh: Costais fiaclóireachta