Costais sláinte

Costais cúram sláinte bhreise do leanbh

Féadtar faoiseamh a éileamh i leith costais bhreise sláinte más le haghaidh leanbh cáilitheach an cúram sláinte. Is ionann leanbh cáilitheach agus duine faoi bhun 18 mbliana d'aois.

Féadtar éileamh a dhéanamh i leith leanaí atá os cionn 18 mbliana d'aois má tá siad ag freastal ar oideachas go lánaimseartha ag aon cheann den mhéid seo: 

  • ollscoil 
  • coláiste
  • scoil
  • gnólacht eile oideachais..

Síceolaí oideachais agus teiripe urlabhra agus teanga

Féadtar faoiseamh a éileamh i leith na gcostas seo:

  • costais mheasúnaithe arna dhéanamh ag síceolaí oideachais do leanbh cáilitheach
  • costais teiripe urlabhra agus teanga do leanbh cáilitheach. Ní mór do theiripeoir urlabhra agus teanga cáilithe an teiripe a dhéanamh.

Tinneas a d'fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha nó míchumas buan

Féadtar cúram a dhéanamh de leanbh cáilitheach atá faoi mhíchumas buan, nó a bhfuil tinneas air nó uirthi a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha. Má dhéanann, féadtar faoiseamh a éileamh i leith costais bhreise áirithe. Tá an faoiseamh seo anuas ar na gnáthchostais sláinte a íocann tú i leith an linbh.

Ní mór go dteastóidh cúram ospidéil seasta nó rialta ón leanbh ionas go gcáileoidh na costais bhreise seo. D'fhéadfadh freastal rialta ar an ospidéal a bheith i gceist leis an gcúram sin nó maoirseacht eile atá oiriúnach don tinneas nó don mhíchumas tromchúiseach. Ní gá do do leanbh a bheith san ospidéal go buan le go bhféadfaidh tú faoiseamh a éileamh.

Cáilíonn othair oinceolaíochta ar leanaí iad (othair ailse) don fhaoiseamh seo chomh maith.

Cóiríocht thar oíche

Féadtar faoiseamh a éileamh ar an gcostas ar chóiríocht thar oíche más tusa tuismitheoir nó caomhnóir an linbh. Chun cáiliú, ní mór do do chóiríocht thar oíche a bheith riachtanach le haghaidh chóireáil do linbh. Ní mór don chóiríocht a bheidh gar don ospidéal ina bhfuil cóireáil á cur ar do leanbh.

Taisteal

Féadtar faoiseamh a éileamh i leith na gcostas a bhaineann le do leanbh a thabhairt chuig an ospidéal agus ar ais. Féadtar éileamh a dhéanamh freisin i leith na gcostas a bhaineann le cuairt a thabhairt ar do leanbh, más gá é sin le haghaidh chóireáil do linbh. Ní mór cruthúnas a bheith agat go bhfuil na cuairteanna seo riachtanach.

Faoiseamh i leith taisteal i gcarr príobháideach
BlianaRáta in aghaidh an mhíleRáta in aghaidh an chiliméadair

2023

€0.39

€0.24

2022

1 Eanáir-31 Lúnasa

1 Meán Fomhair-31 Nollaig

 

€0.29

€0.39

€0.18

€0.24

2021

€0.29

€0.18

2020

€0.29

€0.18

Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh ó tháillí páirceála.

Taisteal thar lear

Féadfaidh sé gur gá do do leanbh taisteal thar lear le haghaidh cúram sláinte nach bhfuil ar fáil in Éirinn. Má tharlaíonn sé sin, féadfaidh tú faoiseamh cánach a éileamh i leith chostais an chúraim sláinte, agus i leith costais cóiríochta agus taistil ar phraghas réasúnta.

Ceadaítear costais taistil agus cóiríochta tuismitheora a thaistealaíonn in éineacht leis an leanbh freisin.

Fón

Féadtar faoiseamh ar ráta comhréidh a éileamh i leith costais cíosa agus glaonna fóin má tá cóireáil á cur ar an leanbh sa bhaile. Ní mór baint dhíreach a bheith ag na costais fóin le cóireáil an linbh chun cáiliú don fhaoiseamh.

Faoiseamh ar ráta comhréidh le haghaidh costais fóin
BlianaRáta
2023

€370

2022

 €350

2021

€325

2020

€315

Táirgí sláinteachais agus éadaí speisialta

Féadtar faoiseamh a éileamh i leith táirgí sláinteachais nó éadaí speisialta má tá siad sin riachtanach le haghaidh chóireáil an linbh. Féadtar suas le €500 a éileamh do na nithe seo.

Tabhair do d'aire:

Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh i leith costais cúraim leanaí do dheartháireacha nó do dheirfiúracha an othair nuair a bhíonn na tuismitheoirí nó na caomhnóirí ag freastal ar an ospidéal.

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh

Chun faoiseamh cánach a éileamh ar chostais cúraim sláinte do leanbh, ní mór an tsuim a chur san áireamh le do chostais sláinte.

Chun do chostais sláinte a éileamh, ní mór duit d’fhoirm tuairisceán cánach a chomhlánú. Mínítear é seo sa leathanach 'Cén chaoi a ndéantar éileamh ar chostais sláinte?'.

Ar aghaidh: Costais breise le haghaidh othar duáin