Costais sláinte

Costais chothaithe bhreise le haghaidh céiliach agus diaibéiteach

Féadfaidh tú faoiseamh a éileamh i leith táirgí áirithe bia má tá riocht sláinte agat a bhaineann le riachtanais shonracha chothaithe. Beidh ort litir ó do dhochtúir a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim a shonraíonn an riocht sláinte agus na riachtanais shonracha chothaithe. Féadfaidh tú an litir sin a thíolacadh trí M’Fhiosruithe in moChúrsaí.

Baineann sé seo leat más:

  • céiliach thú agus más gá duit bianna saor ó ghlútan a cheannach a rinneadh go sonrach le bheith saor ó ghlútan
  • diaibéiteach thú agus más gá duit táirgí diaibéiteacha a cheannach má mholann do dhochtúir duit go n-áireofá iad seo i do réim bia.

Ní mór duit admhálacha a choinneáil maidir leis an mbia saor ó ghlútan nó na táirgí diaibéitis a n-éilíonn tú faoiseamh ina leith. Féadfaidh na hadmhálacha sin a bheith ó ollmhargaí, siopaí earraí sláinte agus siopaí eile den chineál sin.

Féadfaidh formhór na miondíoltóirí ráiteas a sholáthar do chustaiméirí dílseachta atá cláraithe, le liosta de na bianna sonracha saor ó ghlútan a cheannaigh siad.

Féadtar na hadmhálacha a stóráil ar sheirbhís Rianaire Admhálacha na gCoimisinéirí Ioncaim i moChúrsaí. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Bainistigh d’admhálacha leis an rianaire admhálacha.

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh

Chun faoiseamh cánach a éileamh i leith costais chothaithe bhreise, ní mór duit an tsuim a chur san áireamh le do chostais sláinte.

Chun do chostais sláinte a éileamh, ní mór duit d’fhoirm tuairisceáin cánach a chomhlánú. Tugtar míniú air seo ar an leathanach ‘Cén chaoi a ndéantar éileamh i leith costais sláinte?’.

Féadtar faoiseamh a éileamh i leith táirgí áirithe bia má tá riachtanais shonracha chothaithe agat mar gheall ar riocht sláinte, mar atá leagtha amach thuas. Chun faoiseamh cánach a éileamh i leith costais chothaithe shonracha bhreise, ní mór duit an tsuim a chur san áireamh le do chostais sláinte. 

Ar aghaidh: Costais cúram sláinte bhreise do leanbh