Costais sláinte
Costais breise le haghaidh othar duáin
Féadann othair duán faoiseamh a éileamh, anuas ar ghnáthchostais sláinte.
Othair scagdhealaithe in ospidéil
Má déanann tú taisteal rialta le haghaidh cóireáil scagdhealaithe, féadtar faoiseamh a éileamh i leith na gcostas taistil chuig an ospidéal agus ar ais arís. Níl aon teorainn ar líon na dturas a bhféadtar éileamh a dhéanamh ina leith.
Faoiseamh i leith taisteal i gcarr príobháideach
Bliana | Ráta in aghaidh an mhíle | Ráta in aghaidh an chiliméadair |
2019 |
€0.29
|
€0.18
|
2018 |
€0.29
|
€0.18
|
2017 |
€0.29
|
€0.18
|
2016 |
€0.27
|
€0.17
|
2015 |
€0.27
|
€0.17
|
Othair scagdhealaithe sa bhaile
Má úsáideann tú inneall scagdhealaithe sa bhaile, féadfar faoiseamh ar ráta comhréidh a éileamh i leith an mhéid seo:
- leictreachas
- níochán
- éadaí cosanta
- costais fóin.
Faoiseamh ar ráta comhréidh i leith scagdhealú sa bhaile
Bliana | Leictreachas | Níochán agus éadaí cosanta | Fón |
2019 |
€2,035 |
€1,965 |
€315 |
2018 |
€1,900 |
€1,945 |
€310 |
2017 |
€1,790 |
€1,935 |
€305 |
2016 |
€1,835 |
€1,925 |
€305 |
2015 |
€1,905 |
€1,925 |
€305 |
Scagdhealú Peireatóinéim Siúil Ainsealach
Má thugtar cóireáil duit sa bhaile, gan scagdhealú, féadtar faoiseamh ar ráta comhréidh a éileamh i leith costais leictreachais agus fóin.
Faoiseamh ar ráta comhréidh i leith CAPD
Bliana | Leictreachas | Teileafón |
2019 |
€1,610 |
€315 |
2018 |
€1,505 |
€310 |
2017 |
€1,415 |
€305 |
2016 |
€1,505 |
€305 |
2015 |
€1,505 |
€305 |
Cén chaoi le héileamh a dhéanamh
Chun faoiseamh cánach a éileamh ar chostais bhreise le haghaidh othar duán, ní mór an tsuim a chur san áireamh le do chostais sláinte.
Chun do chostais sláinte a éileamh, ní mór duit d’fhoirm tuairisceán cánach a chomhlánú. Mínítear é seo sa leathanach “Cén chaoi a ndéantar éileamh ar chostais sláinte?”
Ar aghaidh: Cén chaoi a ndéantar éileamh ar chostais sláinte?